+Airteagal 70 Coláistí réitigh
---+Airteagal 70 1
---+Airteagal 70 2
---+Airteagal 70 3
---+Airteagal 70 4
---+Airteagal 70 5
---+Airteagal 70 6
---+Airteagal 70 7
|
Airteagal 70 Coláistí réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 70 1
|
1. Bunóidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal coláistí réitigh chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 10, 11, 14, 16, 73 agus 74 a dhéanamh, agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhar agus comhordú le húdaráis réitigh tríú tír a áirithiú.
Go háirithe, soláthróidh na coláistí réitigh creat le haghaidh an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, na n-údarás réitigh eile agus, i gcás inarb iomchuí, na n-údarás maoirseachta agus na maoirseoirí grúpa lena mbaineann chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
faisnéis a mhalartú, ar faisnéis í atá ábhartha maidir le forbairt pleananna réitigh grúpa agus feidhmiú cumhachtaí réitigh i ndáil le grúpaí;
|
|
(b)
|
pleananna réitigh grúpa a fhorbairt;
|
|
(c)
|
inréiteacht grúpaí a mheas de bhun Airteagal 14;
|
|
(d)
|
cumhachtaí a fheidhmiú chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht grúpaí de bhun Airteagal 16 nó chun iad a bhaint;
|
|
(e)
|
cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá atá le grúpscéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 73 nó 74 a bhunú;
|
|
(f)
|
teacht ar chomhaontú maidir le grúpscéim réitigh arna moladh i gcomhréir le hAirteagal 73 nó 74;
|
|
(g)
|
an chumarsáid phoiblí maidir le straitéisí agus scéimeanna réitigh grúpa a chomhordú;
|
|
(h)
|
úsáid aon scéime ráthaíochta árachais nó aon socraithe maoiniúcháin a chomhordú.
|
Ina theannta sin, féadfar coláistí réitigh a úsáid mar fhóram chun aon saincheist a bhaineann le réiteach grúpa trasteorann a phlé.
|
|
Airteagal 70 2
|
2. Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:
|
(a)
|
an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal;
|
|
(b)
|
údaráis réitigh gach Ballstáit ina bhfuil foghnóthas bunaithe atá faoi chumhdach ag maoirseacht ghrúpa;
|
|
(c)
|
údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil máthairghnóthas gnóthais amháin nó níos mó den ghrúpa bunaithe, grúpa ar eintiteas é dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (d) nó (e);
|
|
(d)
|
maoirseoir grúpa agus údaráis mhaoirseachta na mBallstát ina bhfuil an t-údarás réitigh ina chomhalta den choláiste réitigh;
|
|
(e)
|
na haireachtaí inniúla, i gcás nach iad na haireachtaí inniúla iad na húdaráis réitigh ar comhaltaí den choláiste réitigh iad;
|
|
(f)
|
i gcás inarb ábhartha, an t-údarás atá freagrach as an scéim ráthaíochta árachais de chuid Ballstáit, i gcás inar comhalta den choláiste réitigh é údarás réitigh an Bhallstáit sin;
|
|
(g)
|
EIOPA, faoi réir an dara fomhír;
|
|
(h)
|
na húdaráis réitigh sna Ballstáit ina ndéanann gnóthais árachais nó athárachais an ghrúpa gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (g), rannchuideoidh EIOPA le feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí réitigh agus le cóineasú ar fud na gcoláistí réitigh a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh orthu. Tabharfar cuireadh do EIOPA freastal ar chruinnithe an choláiste réitigh chun na críche sin. Ní bheidh aon cheart vótála ag EIOPA.
Chun críocha na chéad fhomhíre, phointe (h), beidh rannpháirtíocht na n-údarás réitigh teoranta do chuspóirí malartaithe éifeachtúil faisnéise a bhaint amach.
|
|
Airteagal 70 3
|
3. Údaráis réitigh tríú tíortha ina bhfuil foghnóthas árachais nó athárachais nó brainse ag máthairghnóthas nó ag gnóthas atá bunaithe san Aontas, ar foghnóthas nó brainse é a mheasfaí a bheith suntasach dá mbeadh sé lonnaithe san Aontas, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí, ar choinníoll go mbeidh siad faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, i dtuairim an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, leo sin a leagtar síos in Airteagal 80.
|
|
Airteagal 70 4
|
4. I gcás inar ilchuideachta airgeadais é an grúpa nó inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é, tabharfar cuireadh do na húdaráis lena mbaineann arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE teacht chuig an gcoláiste réitigh mar bhreathnóirí.
|
|
Airteagal 70 5
|
5. Is é an t-údarás réitigh ar ghúpleibhéal a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh. Sa cháil sin, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bunóidh sé socruithe agus nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh fheidhmiú an choláiste réitigh, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh;
|
|
(b)
|
comhordóidh sé gníomhaíochtaí uile an choláiste réitigh;
|
|
(c)
|
tionólfaidh sé cruinnithe uile an choláiste réitigh agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu agus coimeádfaidh sé comhaltaí uile an choláiste réitigh go hiomlán ar an eolas roimh ré faoi eagrú chruinnithe an choláiste réitigh, faoi na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé agus faoi na míreanna a bheidh le breithniú;
|
|
(d)
|
tabharfaidh sé fógra do chomhaltaí an choláiste réitigh faoi aon chruinnithe pleanáilte ionas go bhféadfaidh siad rannpháirtíocht iontu a iarraidh;
|
|
(e)
|
déanfaidh sé cinneadh i dtaobh na gcomhaltaí agus na mbreathnóirí a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar chruinnithe áirithe den choláiste réitigh, ar bhonn riachtanas sonrach, agus ábharthacht na saincheiste a bheidh le plé do na comhaltaí agus do na breathnóirí sin á cur san áireamh;
|
|
(f)
|
coimeádfaidh siad comhaltaí uile an choláiste ar an eolas, go tráthúil, faoi chinntí agus torthaí na gcruinnithe sin.
|
D’ainneoin na chéad fomhíre, pointe (e), beidh na húdaráis réitigh i dteideal a bheith rannpháirteach i gcruinnithe den choláiste réitigh aon uair a bheidh ábhair atá faoi réir na comhchinnteoireachta nó a bhaineann le grúpeintiteas lonnaithe ina mBallstát ar an gclár.
|
|
Airteagal 70 6
|
6. Ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal coláiste réitigh a bhunú má dhéanann grúpaí nó coláistí eile na feidhmeanna céanna agus má chuireann siad na cúraimí céanna a shonraítear i mír 1 i gcrích agus má chomhlíonann siad na coinníollacha agus na nósanna imeachta uile, lena n-áirítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin lena gcumhdaítear ballraíocht agus rannpháirtíocht i gcoláistí réitigh, a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagal 72. I gcás mar sin, tuigfear gur tagairt do na grúpaí nó do na coláistí eile sin gach tagairt do choláistí réitigh sa Treoir seo.
|
|
Airteagal 70 7
|
7. Déanfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh a shonrú le haghaidh fheidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1.
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|