3. I gcás nach sealbhaíonn ach máthairghnóthas amháin atá bunaithe i mBallstát foghnóthais uile an Aontais de ghnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó de mháthairghnóthas tríú tír, is é údarás réitigh an Bhallstáit ina bhfuil an máthairghnóthas sin bunaithe a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh Eorpach.
I gcás nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír, is é údarás réitigh an Bhallstáit ina bhfuil foghnóthas de chuid an Aontais, ar airde luach na sócmhainní cláir chomhardaithe a shealbhaíonn sé, bunaithe, is é an t-údarás réitigh sin a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh Eorpach.