+Airteagal 73 Réiteach grúpa lena mbaineann foghnóthas de chuid an ghrúpa
---+Airteagal 73 1
---+Airteagal 73 2
---+Airteagal 73 3
---+Airteagal 73 4
---+Airteagal 73 5
---+Airteagal 73 6
---+Airteagal 73 7
---+Airteagal 73 8
---+Airteagal 73 9
---+Airteagal 73 10
---+Airteagal 73 11
---+Airteagal 73 12
---+Airteagal 73 13
---+Airteagal 73 14
|
Airteagal 73 Réiteach grúpa lena mbaineann foghnóthas de chuid an ghrúpa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 73 1
|
1. Tabharfaidh údarás réitigh fógra faoin bhfaisnéis a liostaítear i mír 2 gan mhoill don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, murab ionann í, don mhaoirseoir grúpa, agus do chomhaltaí an choláiste réitigh lena mbaineann sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
cinneann an t-údarás réitigh go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais ar foghnóthas de ghrúpa é, nó gur dócha go gclisfidh air; nó
|
|
(b)
|
chuir an t-údarás maoirseachta an t-údarás réitigh ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais ar foghnóthas de ghrúpa é, nó gur dócha go gclisfidh air; nó
|
|
(c)
|
cinneann údarás réitigh go gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ar foghnóthas de ghrúpa é, na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3).
|
|
|
Airteagal 73 2
|
2. Is é seo a leanas an fhaisnéis a bhfuil fógra le tabhairt ina leith de bhun mhír 1:
|
(a)
|
an cinneadh lena gcinntear go bhfuil ag cliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air;
|
|
(b)
|
an cinneadh go gcomhlíonann an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3);
|
|
(c)
|
na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta dócmhainneachta a mheasann an t-údarás réitigh a bheith iomchuí don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e).
|
|
|
Airteagal 73 3
|
3. Ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh lena mbaineann, measúnú ar thionchar dóchúil na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu de bhun mhír 2, pointe (c), ar an ngrúpa agus ar ghrúpeintitis i mBallstáit eile, agus ar cibé acu is dócha nó nach dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile, go sásófaí na coinníollacha réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile.
|
|
Airteagal 73 4
|
4. I gcás ina measann an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal nach dócha, de dheasca na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu de bhun mhír 2, pointe (c), go sásófaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile, féadfaidh an t-údarás réitigh atá freagrach as an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar thug sé fógra fúthu a dhéanamh.
|
|
Airteagal 73 5
|
5. I gcás ina measann an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal gur dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu de bhun mhír 2, pointe (c), go sásófaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, grúpscéim réitigh a mholadh laistigh de 5 lá agus cuirfidh sé faoi bhráid an choláiste réitigh í. Féadfar an tréimhse 5 lá a shíneadh le toiliú an údaráis réitigh a thug an fógra.
|
|
Airteagal 73 6
|
6. In éagmais mheasúnú an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal laistigh de 5 lá, nó tréimhse is faide ná sin a comhaontaíodh, tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, féadfaidh an t-údarás réitigh a thug an fógra na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar thug sé fógra fúthu a dhéanamh.
|
|
Airteagal 73 7
|
7. Déanfaidh an ghrúpscéim réitigh dá dtagraítear i mír 5 an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach ar cheart do na húdaráis réitigh iad a dhéanamh i ndáil leis an máthairghnóthas deiridh nó grúpeintitis áirithe chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus chun na prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach a leagtar síos in Airteagal 22 a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
an chaoi a shonrú ar cheart na gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhordú;
|
|
(c)
|
plean maoiniúcháin a bhunú lena gcuirtear san áireamh an plean réitigh grúpa agus na prionsabail chun an fhreagracht a roinnt a leagtar amach sa phlean réitigh grúpa sin i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (e).
|
|
|
Airteagal 73 8
|
8. Faoi réir mhír 9, beidh an ghrúpscéim réitigh i bhfoirm cinneadh comhpháirteach de chuid an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus na n-údarás réitigh atá freagrach as na foghnóthais arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh.
Féadfaidh EIOPA, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
|
Airteagal 73 9
|
9. I gcás nach n-aontaíonn údarás réitigh leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal nó i gcás ina measann sé, ar mhaithe le comhleas sealbhóirí polasaí, an fhíorgheilleagair agus na cobhsaíochta airgeadais a chosaint, gur gá dó gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó bearta eile seachas na bearta sin arna moladh sa ghrúpscéim réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), déanfaidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na cúiseanna leis an easaontas nó na cúiseanna a bhaineann le himeacht ón ngrúpscéim réitigh a leagan amach go mion;
|
|
(b)
|
fógra a thabhairt don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus do na húdaráis réitigh eile arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh faoi na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a);
|
|
(c)
|
an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus na húdaráis réitigh eile lena mbaineann an ghrúpscéim réitigh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí réitigh nó faoi na bearta réitigh a dhéanfaidh sé.
|
Agus cúiseanna a easaontais á leagan amach aige, déanfaidh an t-údarás réitigh na pleananna réitigh grúpa, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta réitigh a dhéanfaidh sé ar shealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus cobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit lena mbaineann, mar aon leis an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta réitigh sin ar chodanna eile den ghrúpa a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 73 10
|
10. Féadfaidh na húdaráis réitigh a aontaíonn leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le grúpscéim réitigh lena gcumhdaítear grúpeintitis i mBallstáit na n-údarás réitigh sin agus ní bheidh na húdaráis réitigh a easaontaíonn rannpháirteach sa chinneadh sin.
|
|
Airteagal 73 11
|
11. Aithneofar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i míreanna 8 agus 10 agus na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta réitigh a dhéantar i gcomhréir le mír 9 mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis réitigh sna Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm iad.
|
|
Airteagal 73 12
|
12. Déanfaidh na húdaráis réitigh na gníomhaíochtaí réitigh agus na bearta réitigh uile dá dtagraítear san Airteagal seo gan mhoill, agus aird chuí á tabhairt acu ar phráinn an cháis.
|
|
Airteagal 73 13
|
13. I gcás nach gcuirtear grúpscéim réitigh chun feidhme, comhoibreoidh na húdaráis réitigh go dlúth le chéile laistigh den choláiste réitigh, agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh acu i ndáil le haon ghrúpeintiteas, chun straitéis réitigh chomhordaithe a bhaint amach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu.
|
|
Airteagal 73 14
|
14. Cuirfidh na húdaráis réitigh a dhéanann aon ghníomhaíocht réitigh i ndáil le haon ghrúpeintiteas comhaltaí an choláiste réitigh ar an eolas go tráthrialta agus go hiomlán faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta sin agus faoin dul chun cinn leanúnach ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|