5. I gcás ina measann an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal gur dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu de bhun mhír 2, pointe (c), go sásófaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, grúpscéim réitigh a mholadh laistigh de 5 lá agus cuirfidh sé faoi bhráid an choláiste réitigh í. Féadfar an tréimhse 5 lá a shíneadh le toiliú an údaráis réitigh a thug an fógra.