4. Féadfaidh na húdaráis réitigh, i gcás inar gá chun leas an phobail, gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i leith máthairghnóthais i gcás ina gcinneann an t-údarás tríú tír ábhartha go gcomhlíonann gnóthas árachais nó athárachais, ar foghnóthas den mháthairghnóthas sin é agus arna chorprú sa tríú tír sin, na coinníollacha réitigh faoi dhlí an tríú tír sin. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis réitigh aon chumhacht réitigh a úsáid i leith an mháthairghnóthais sin, agus beidh feidhm ag Airteagal 48.