+Airteagal 76 Imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorfheidhmiú
---+Airteagal 76 1
---+Airteagal 76 2
---+Airteagal 76 3
---+Airteagal 76 4
---+Airteagal 76 5
|
Airteagal 76 Imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorfheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 76 1
|
1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 75(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír lena mbaineann agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta den sórt sin a theacht i bhfeidhm leis an tríú tír lena mbaineann a mhéid nach bhfuil aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.
|
|
Airteagal 76 2
|
2. Cinnfidh an t-údarás réitigh lena mbaineann imeachtaí réitigh tríú tír a bhaineann le foghnóthas de chuid an Aontais nó le brainse de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír a aithint agus a fhorfheidhmiú, ach amháin mar a fhoráiltear dó in Airteagal 77.
Leis an gcinneadh tabharfar aird chuí ar leasanna gach Ballstáit ina n-oibríonn gnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó máthairghnóthas, agus go háirithe an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag aithint agus forfheidhmiú na n-imeachtaí réitigh tríú tír ar na codanna eile den ghrúpa agus ar na sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus an chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit sin.
|
|
Airteagal 76 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis réitigh an méid seo a leanas a dhéanamh, ar a laghad:
|
(a)
|
na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
sócmhainní gnóthais árachais nó athárachais tríú tír nó sócmhainní máthairghnóthais atá lonnaithe ina mBallstát nó arna rialáil le dlí a mBallstáit;
|
|
(ii)
|
cearta nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais tríú tír arna gclárú ag brainse an Aontais de ghnóthas tríú tír ina mBallstát nó arna rialáil le dlí a mBallstáit, nó i gcás ina bhfuil na héilimh i ndáil leis na cearta agus leis na dliteanais sin infhorfheidhmithe ina mBallstát;
|
|
|
(b)
|
aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile i bhfoghnóthas de chuid an Aontais arna bhunú sa Bhallstát sin ainmniúcháin a fhoirbhiú, lena n-áirítear a cheangal ar dhuine eile gníomhaíocht a dhéanamh chun an t-aistriú a fhoirbhiú;
|
|
(c)
|
na cumhachtaí in Airteagal 49, 50 nó 51 i ndáil le cearta aon pháirtí i gconradh le heintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú, i gcás inar gá cumhachtaí den sórt sin chun imeachtaí réitigh tríú tír a fhorfheidhmiú; agus
|
|
(d)
|
bail neamh-infhorfheidhmithe a chur ar aon cheart chun conarthaí a fhoirceannadh nó a luathú, nó chun difear a dhéanamh do chearta conarthacha eintitis dá dtagraítear i mír 2 agus do chearta grúpeintitis eile, i gcás ina dtiocfaidh ceart den sórt sin ó ghníomhaíocht réitigh a rinneadh maidir le gnóthas árachais nó athárachais tríú tír, máthairghnóthas na n-eintiteas sin, nó grúpeintitis eile, cibé acu an é nó nach é an t-údarás réitigh tríú tír féin a dhéanann an ghníomhaíocht de bhun ceanglais dlí nó rialála maidir le socruithe réitigh sa tír sin, ar choinníoll go leantar de bheith ag feidhmiú na n-oibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta, agus soláthar comhthaobhachta.
|
|
|
Airteagal 76 4
|
4. Féadfaidh na húdaráis réitigh, i gcás inar gá chun leas an phobail, gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i leith máthairghnóthais i gcás ina gcinneann an t-údarás tríú tír ábhartha go gcomhlíonann gnóthas árachais nó athárachais, ar foghnóthas den mháthairghnóthas sin é agus arna chorprú sa tríú tír sin, na coinníollacha réitigh faoi dhlí an tríú tír sin. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis réitigh aon chumhacht réitigh a úsáid i leith an mháthairghnóthais sin, agus beidh feidhm ag Airteagal 48.
|
|
Airteagal 76 5
|
5. Beidh aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír gan dochar d’aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis an Treoir seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|