1. Cruthóidh EIOPA coiste inmheánach buan de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun cinntí EIOPA dá dtagraítear in Airteagal 44 den Rialachán sin a ullmhú, lena n-áirítear cinntí faoi dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus faoi dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bhaineann le cúraimí arna dtabhairt do na húdaráis réitigh i gcomhréir leis an Treoir seo. Beidh an coiste inmheánach sin comhdhéanta de na húdaráis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo.