+Airteagal 15a
---+Airteagal 15a 1.
---+Airteagal 15a 2.
---+Airteagal 15a 3.
---+Airteagal 15a 4.
---+Airteagal 15a 5.
---+Airteagal 15a 6.
---+Airteagal 15a 7.
---+Airteagal 15a 8.
|
Airteagal 15a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15a 1.
|
Gan dochar d’Airteagal 1(4) agus d’Airteagal 3(2) agus (2a), féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas i gcás ina dtairgfear urrúis don phobal, ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis iontu a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:
(b)
eisitheoirí, seachas FBManna, a ligtear isteach a gcuid urrús, nó a ligfear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna;
(c)
eisitheoirí, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), i gcás ina bhfuil an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús arna dtairiscint don phobal níos lú ná EUR 50 000 000 arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, agus ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis arna dtrádáil ar MTF ag eisitheoirí den sórt sin agus go raibh meánlíon fostaithe suas le 499 acu le linn na bliana airgeadais roimhe sin;
(d)
tairgeoirí urrúis arna n-eisiúint ag eisitheoirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).
Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú de bhun Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, nó de bhun Airteagal 3(2) nó (2a). Thairis sin, áireofar i gcomaoin chomhiomlánaithe iomlán na n-urrús a thairgtear don phobal gach cineál agus gach aicme urrús a thairgtear.
|
|
Airteagal 15a 2.
|
De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus gan dochar d’Airteagal 18(1), cuimseofar i réamheolaire eisiúna fáis AE an fhaisnéis ábhartha laghdaithe agus chomhréireach is gá chun go dtuigfidh infheisteoirí an méid seo a leanas:
(a)
ionchais agus feidhmíocht airgeadais an eisitheora agus na hathruithe nach beag ar staid airgeadais agus ghnó an eisitheora ó dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin, más ann dóibh, chomh maith lena straitéis fáis;
(b)
an fhaisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na hurrúis sin agus aon teorainn ar na cearta sin;
(c)
na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aige ar an eisitheoir, lena n-áirítear ar struchtúr foriomlán caipitil an eisitheora, agus an úsáid a bhaintear as na fáltais.
|
|
Airteagal 15a 3.
|
Déanfar an fhaisnéis atá sa réamheolaire eisiúna fáis AE a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm sho-inanailísithe, ghonta agus shothuigthe agus cabhróidh sí le hinfheisteoirí, go háirithe infheisteoirí miondíola, cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh.
|
|
Airteagal 15a 4.
|
Déanfar an réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII nó VIII, ag brath ar na cineálacha urrús.
|
|
Airteagal 15a 5.
|
Maidir le réamheolaire eisiúna fáis AE a bhaineann le scaireanna, beidh uasfhad 75 thaobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte agus déanfar é a chur i láthair agus a leagan amach sa dóigh is go mbeidh sé éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méide de.
|
|
Airteagal 15a 6.
|
Ní chuirfear san áireamh an achoimre, an fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt i gcomhréir le hAirteagal 19 ná an fhaisnéis bhreise atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta ag an eisitheoir, dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, nó an fhaisnéis atá le soláthar i gcás ollathrú suntasach, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (e), den Rialachán Tarmligthe sin, san uasfhad dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 15a 7.
|
Beidh an réamheolaire eisiúna fáis AE ina dhoiciméad i bhformáid chaighdeánaithe agus cuirfear an fhaisnéis a nochtfar i réamheolaire eisiúna fáis AE i láthair in ord caighdeánaithe bunaithe ar ord an nochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII nó in Iarscríbhinn VIII, ag brath ar na cineálacha urrús.
|
|
Airteagal 15a 8.
|
Glacfaidh an Coimisiún, faoin 5 Márta 2026, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar laghdaithe, agus formáid chaighdeánaithe agus seicheamh an réamheolaire eisiúna Fáis AE, a shonrú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar Iarscríbhinn VII agus ar Iarscríbhinn VIII.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|