+IARSCRÍBHINN IX FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA DOICIMÉAD DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(4), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTÍ (DA) AGUS (DB), AGUS IN AIRTEAGAL 1(5), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTE (BA)

IARSCRÍBHINN IX FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA DOICIMÉAD DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(4), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTÍ (DA) AGUS (DB), AGUS IN AIRTEAGAL 1(5), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTE (BA)




IARSCRÍBHINN IX

FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA DOICIMÉAD DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(4), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTÍ (DA) AGUS (DB), AGUS IN AIRTEAGAL 1(5), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTE (BA)

I. Ainm an eisitheora, (lena n-áirítear a LEI), tír an chorpraithe, nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora.

II. Dearbhú uathu siúd atá freagrach as an doiciméad go bhfuil an fhaisnéis atá sa doiciméad, ar feadh a n-eolais féin, i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh sa doiciméad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

III. Ainm údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 20. Ráiteas nach réamheolaire é an doiciméad de réir bhrí an Rialacháin seo agus nach raibh an doiciméad faoi réir ghrinnscrúdú agus fhormheas údarás inniúil an Bhallstáit baile.

IV. Ráiteas maidir le comhlíonadh leanúnach na n-oibleagáidí tuairiscithe agus nochta le linn na tréimhse a ligtear isteach iad chun a dtrádála, lena n-áirítear faoi Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

V. Léiriú ar an áit a bhfuil an fhaisnéis rialáilte arna foilsiú ag an eisitheoir de bhun oibleagáidí leanúnacha maidir le nochtadh ar fáil agus, i gcás inarb infheidhme, an áit ar féidir an réamheolaire is déanaí a fháil.

VI. I gcás ina dtairgtear urrúis don phobal, ráiteas nach bhfuil an t-eisitheoir, tráth na tairisceana, ag cur moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

VII. An chúis atá leis an eisiúint agus úsáid fáltas.

VIII. Na tosca riosca a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir.

IX. Saintréithe na n-urrús (lena n-áirítear a ISIN).

X. I gcás scaireanna, an caolú agus an scairsheilbh tar éis na heisiúna.

XI. I gcás ina ndéantar urrúis a thairiscint don phobal, téarmaí agus coinníollacha na tairisceana.

XII. I gcás inarb infheidhme, aon mhargadh rialáilte nó aon mhargadh fáis FBManna ina bhfuil na hurrúis, atá idirmhalartach maidir leis na hurrúis atá le tairiscint don phobal nó le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ligthe isteach cheana chun a dtrádála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas