+Airteagal 24a Coláiste maoirseoirí
---+Airteagal 24a 1.
---+Airteagal 24a 2.
---+Airteagal 24a 3.
---+Airteagal 24a 4.
---+Airteagal 24a 5.
---+Airteagal 24a 6.
---+Airteagal 24a 7.
---+Airteagal 24a 8.
---+Airteagal 24a 9.
---+Airteagal 24a 10.
---+Airteagal 24a 11.
---+Airteagal 24a 12.
---+Airteagal 24a 13.
|
Airteagal 24a Coláiste maoirseoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24a 1.
|
Bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile coláiste maoirseoirí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 8 a dhéanamh i ndáil le TLU a meastar tábhacht shuntasach a bheith ag baint lena ghníomhaíochtaí a mhéid a bhaineann le feidhmiú margaí urrús agus cosaint infheisteoirí in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad.
|
|
Airteagal 24a 2.
|
Bunófar an coláiste laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a tharlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
cinneann údarás inniúil an Bhallstáit baile go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann TLU in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad; nó
(b)
tugann ceann de na heintitis a liostaítear i mír 4 fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an TLU in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad.
|
|
Airteagal 24a 3.
|
Bainisteoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an coláiste agus déanfaidh sé cathaoirleacht air.
|
|
Airteagal 24a 4.
|
Is é a bheidh sa choláiste:
(b)
údarás inniúil an Bhallstáit baile;
(c)
na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12;
(d)
údaráis inniúla na mBallstát aíochta ina bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí an TLU;
(e)
ÚBE, i gcás inar údaraíodh an TLU de bhun Airteagal 54(3).
|
|
Airteagal 24a 5.
|
I gcás nach bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí TLU dá mbunaítear coláiste i mBallstát ina bhfuil fochuideachta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an TLU, nó lena máthairghnóthas, bunaithe nó ina bhfuil an TLU dá mbunaítear an coláiste i dteideal seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 23(2), beidh údarás inniúil agus údaráis ábhartha an Bhallstáit sin in ann a bheith rannpháirteach sa choláiste arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 24a 6.
|
Tabharfaidh an cathaoirleach fógra do ÚEUM faoi chomhdhéanamh an choláiste laistigh de 1 mhí amháin ó bhunú an choláiste agus faoi aon athrú ar a chomhdhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón athrú sin. Foilseoidh ÚEUM agus údarás inniúil an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí liosta chomhaltaí an choláiste sin ar a suíomhanna gréasáin agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 24a 7.
|
Féadfaidh údarás inniúil nach comhalta den choláiste é a iarraidh ar an gcoláiste aon fhaisnéis atá ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 24a 8.
|
Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagail 13, 14 agus 15 agus faisnéis faoin bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta de bhun Airteagal 22;
(b)
maoirseacht éifeachtúil trí bhearta maoirseachta neamhriachtanacha dúblacha a sheachaint, amhail iarrataí ar fhaisnéis;
(c)
comhaontú maidir le cúraimí a chur ar a chomhaltaí ar bhonn deonach;
(d)
malartú faisnéise faoi sheachfhoinsiú údaraithe nó leathnú údaraithe gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagal 19;
(e)
an comhar idir údaráis an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit aíochta de bhun Airteagal 24 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(3), pointe (d), agus maidir le haon saincheisteanna a thagann chun cinn i ndáil le seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile;
(f)
malartú faisnéise faoi struchtúr an ghrúpa, faoin mbainistíocht shinsearach, faoin gcomhlacht bainistíochta agus faoi na scairshealbhóirí de bhun Airteagal 27;
(g)
malartú faisnéise faoi phróisis nó socruithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar rialachas nó ar bhainistiú riosca do na TLUnna atá sa ghrúpa.
|
|
Airteagal 24a 9.
|
Tionólfaidh an cathaoirleach cruinniú den choláiste uair sa bhliain ar a laghad nó arna iarraidh sin do chomhalta den choláiste. Chun comhlíonadh na gcúraimí a shanntar don choláiste de bhun mhír 8 a éascú, féadfaidh comhaltaí den choláiste pointí a chur le clár oibre cruinnithe. Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh ar bhonn ad hoc a thabhairt do rannpháirtithe breise chuig pléití an choláiste ar thopaicí sonracha. Féadfaidh comhaltaí coláiste seachas a chathaoirleach cinneadh gan páirt a glacadh i gcruinniú den choláiste.
|
|
Airteagal 24a 10.
|
Arna iarraidh sin d’aon duine dá chuid comhaltaí, glacfaidh an coláiste, i gcomhréir le mír 11, tuairimí neamhcheangailteacha i dtaca leis an méid seo a leanas:
(a)
saincheisteanna a shainaithnítear le linn na bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta de bhun Airteagal 22 nó 60;
(b)
saincheisteanna a bhaineann le haon seachfhoinsiú nó leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagal 19; nó
(c)
saincheisteanna a bhaineann le haon sárú a d’fhéadfadh a bheith ar an Rialachán seo ag eascairt as seirbhísí a sholáthar i mBallstát aíochta dá dtagraítear in Airteagal 24(5).
|
|
Airteagal 24a 11.
|
Glacfaidh an coláiste na tuairimí neamhcheangailteacha uaidh trí vótáil tromlaigh shimplí. Beidh cearta vótála ag na comhaltaí dá dtagraítear i mír 4, pointí (b), (c) agus (d). Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil ceart vótála. Maidir le comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála a ghníomhaíonn i níos mó ná aon cháil amháin, lena n-áirítear mar údarás inniúil agus mar údarás ábhartha, beidh vóta amháin acu in aghaidh gach cáile ina ngníomhaíonn siad. Ní bheidh cearta vótála ag ÚBE ná ÚEUM.
|
|
Airteagal 24a 12.
|
Bunófar feidhmiú an choláiste ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile. Leis an gcomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n-áirítear mionsonraí na rialacha maidir leis an gcumarsáid i measc chomhaltaí an choláiste, agus féadfar a chinneadh leis na cúraimí atá le cur orthu.
|
|
Airteagal 24a 13.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir faoina bhféadfaí a mheas go mbaineann tábhacht shuntasach le gníomhaíochtaí TLU i mBallstát aíochta a mhéid a bhaineann le feidhmiú na margaí urrús agus cosaint infheisteoirí sa Bhallstát aíochta sin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin .17 Eanáir 2025. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|