+Airteagal 49 Saoirse chun eisiúint a dhéanamh i TLU a bheidh údaraithe san Aontas
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
---+Airteagal 49 6.
|
Airteagal 49 Saoirse chun eisiúint a dhéanamh i TLU a bheidh údaraithe san Aontas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Beidh sé de cheart ag eisitheoir socrú a dhéanamh go ndéanfar a urrúis a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, nó ar STIanna, a thrádálfar ar ionaid thrádála, a thaifead in aon TLU bunaithe in aon Bhallstát, faoi réir an choinníll go gcomhlíonfaidh an TLU sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23. Gan dochar do cheart an eisitheora dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leanfaidh feidhm de bheith ag dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis. Ciallaíonn dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis an méid seo a leanas:
(a)
an dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir ionchorpraithe; agus
(b)
an dlí corparáideach rialaithe nó a chomhionann sa Bhallstát faoina n-eisítear na hurrúis.
Cuirfidh na Ballstáit liosta i dtoll a chéile de phríomhfhorálacha ábhartha dá ndlí chorparáidigh nó a chomhionann, dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh údaráis inniúla an liosta sin in iúl do ÚEUM faoin 17 Eanáir 2025. Foilseoidh ÚEUM an liosta sin faoin 17 Feabhra 2025. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Cuirfidh siad an liosta nuashonraithe sin in iúl do ÚEUM ag na tráthanna rialta sin. Foilseoidh ÚEUM liosta nuashonraithe den sórt sin. Féadfaidh TLU táille tráchtála réasúnta a ghearradh as a seirbhísí a thairiscint d’eisitheoirí ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.
|
|
Airteagal 49 2.
|
I gcás ina gcuirfidh eisitheoir iarraidh isteach ar a urrúis a thaifeadadh i dTLU, tabharfaidh TLU faoin iarraidh sin go pras agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus cuirfidh sí freagra ar fáil don eisitheoir iarrthach laistigh de thrí mhí.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Féadfaidh TLU diúltú seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir. Déanfar diúltú den sórt sin ar bhonn measúnú cuimsitheach riosca nó i gcás nach gcuirfidh TLU na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn A den Iarscríbhinn ar fáil maidir le hurrúis bunaithe faoi dhlí corparáideach nó faoina chomhionann sa Bhallstát ábhartha.
|
|
Airteagal 49 4.
|
Gan dochar do Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (
11
), i gcás ina ndiúltóidh TLU seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil i scríbhinn don eisitheoir iarrthach. I gcás diúltaithe, beidh sé de cheart ag an eisitheoir iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh a seirbhísí a chur ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil an TLU sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú a thug TLU agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don eisitheoir. Rachaidh údarás inniúil freagrach TLU i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n-aontóidh údarás inniúil áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh leis an measúnú sin, féadfaidh aon cheann den dá údarás inniúil an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach ordú lena gceanglófar ar an TLU sin a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir iarrthach.
|
|
Airteagal 49 5.
|
Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 3 agus mír 4, agus gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 49 6.
|
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Meitheamh 2015. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|