|
+Airteagal 49 1. |
Airteagal 49 1.Beidh sé de cheart ag eisitheoir socrú a dhéanamh go ndéanfar a urrúis a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, nó ar STIanna, a thrádálfar ar ionaid thrádála, a thaifead in aon TLU bunaithe in aon Bhallstát, faoi réir an choinníll go gcomhlíonfaidh an TLU sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23. Gan dochar do cheart an eisitheora dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leanfaidh feidhm de bheith ag dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis. Ciallaíonn dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis an méid seo a leanas:
(a)
an dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir ionchorpraithe; agus
(b)
an dlí corparáideach rialaithe nó a chomhionann sa Bhallstát faoina n-eisítear na hurrúis. Cuirfidh na Ballstáit liosta i dtoll a chéile de phríomhfhorálacha ábhartha dá ndlí chorparáidigh nó a chomhionann, dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh údaráis inniúla an liosta sin in iúl do ÚEUM faoin 17 Eanáir 2025. Foilseoidh ÚEUM an liosta sin faoin 17 Feabhra 2025. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Cuirfidh siad an liosta nuashonraithe sin in iúl do ÚEUM ag na tráthanna rialta sin. Foilseoidh ÚEUM liosta nuashonraithe den sórt sin. Féadfaidh TLU táille tráchtála réasúnta a ghearradh as a seirbhísí a thairiscint d’eisitheoirí ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|