+Airteagal 23 Trédhearcacht
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 3a.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.

Airteagal 23 Trédhearcacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.
Ní dhéanfar aonaid ná scaireanna ELTIF a mhargú san Aontas gan réamheolaire a fhoilsiú roimh ré.

Ní dhéanfar aonaid ná scaireanna ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola san Aontas gan doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fhoilsiú roimh ré i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Airteagal 23 2.
Beidh ar áireamh sa réamheolaire an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun infheisteoirí a chumasú measúnú feasach a dhéanamh maidir leis an infheistíocht atá á moladh dóibh agus, go háirithe, maidir leis na rioscaí a ghabhann léi.
Airteagal 23 3.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa réamheolaire:

(a) 

ráiteas ina leagfar amach conas a cháilítear an ciste mar chiste de chineál fadtéarmach i bhfianaise chuspóirí infheistíochta ELTIF agus na straitéise chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

▼M1

(b) 

faisnéis atá le nochtadh ag gnóthais chomhinfheistíochta den chineál iata i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

▼B

(c) 

faisnéis atá le nochtadh d'infheisteoirí de bhun Airteagal 23 de Threoir 2011/61/AE, mura bhfuil sé cumhdaithe cheana féin faoi phointe (b) den mhír seo;

(d) 

sonrú suntasach ar na catagóirí sócmhainní a bhfuil an tELTIF údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;

(e) 

sonrú suntasach ar na dlínsí ina gceadaítear don ELTIF infheistíocht a dhéanamh iontu;

(f) 

aon fhaisnéis eile a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha chun críocha mhír 2.

Airteagal 23 3a.

Beidh na nithe seo a leanas i réamheolaire an ELTIF fothaire:

(a) 

dearbhú go bhfuil an ELTIF fothaire ina fhothaire de chuid máistir-ELTIF agus, mar sin, go n-infheistíonn sé 85 % nó níos mó dá chuid sócmhainní go buan in aonaid nó scaireanna an mháistir-ELTIF sin;

(b) 

cuspóir infheistíochta agus beartas infheistíochta an ELTIF fothaire, lena n-áirítear an phróifíl riosca agus cé acu is comhionann nó nach comhionann feidhmíocht an ELTIF fothaire agus feidhmíocht an mháistir-ELTIF, nó a mhéid atá siad éagsúil le chéile agus na cúiseanna atá leis an éagsúlacht sin;

(c) 

cur síos achomair ar an máistir-ELTIF, an bealach ina bhfuil sé eagraithe, a chuspóir infheistíochta agus a bheartas infheistíochta, lena n-áirítear an phróifíl riosca, agus léiriú ar conas is féidir réamheolaire an mháistir-ELTIF a fháil;

(d) 

achoimre ar an gcomhaontú a rinneadh idir an ELTIF fothaire agus an máistir-ELTIF nó ar na rialacha inmheánacha maidir le gnó a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 29(6);

(e) 

conas is féidir le sealbhóirí aonad nó sealbhóirí scaireanna tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an máistir-ELTIF agus maidir leis an gcomhaontú, dá dtagraítear in Airteagal 29(6), a rinneadh idir an ELTIF fothaire agus an máistir-ELTIF;

(f) 

cur síos ar gach luach saothair nó gach aisíocaíocht costas is iníoctha ag an ELTIF fothaire de bhua a chuid infheistíochta in aonaid nó scaireanna de chuid an mháistir-ELTIF, chomh maith le cur síos ar mhuirir chomhiomlána an ELTIF fothaire agus an mháistir-ELTIF.

Airteagal 23 4.
Sa réamheolaire agus in aon doiciméid mhargaíochta eile, cuirfear cineál neamhleachtach an ELTIF in iúl go feiceálach d'infheisteoirí.

Go háirithe, sa réamheolaire agus in aon doiciméid mhargaíochta eile agus ar bhealach soiléir:

(a) 

cuirfear gach infheisteoir ar an eolas faoi chineál fadtéarmach infheistíochtaí an ELTIF;

(b) 

cuirfear infheisteoirí ar an eolas faoi dheireadh shaolré an ELTIF chomh maith leis an rogha saolré an ELTIF a fhadú, i gcás in bhforáiltear dó sin, agus na coinníollacha lena mbaineann;

(c) 

sonrófar an bhfuil sé beartaithe an tELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola;

(d) 

míneofar cearta infheisteoirí a n-infheistíocht a fhuascailt i gcomhréir le hAirteagal 18 agus leis rialacha nó leis na hionstraimí maidir le corprú an ELTIF;

(e) 

luafar minicíocht agus amchlár dáiltí fáltas, más ann dóibh, le hinfheisteoirí le linn shaolré an ELTIF;

(f) 

cuirfear comhairle ar infheisteoirí nach ceart ach cion beag dá bpunann fhoriomlán a infheistiú in ELTIF;

(g) 

déanfar beartas fálaithe an ELTIF a thuairisciú, lena n-áirítear sonrú feiceálach nach bhféadfar ionstraimí díorthacha airgeadais a úsáid ach amháin chun rioscaí ar gné dhílis iad d'infheistíochtaí eile an ELTIF, agus sonrú faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le hionstraimí díorthacha airgeadais a úsáid i ndáil le próifíl riosca an ELTIF;

(h) 

cuirfear infheisteoirí ar an eolas faoi rioscaí a bhaineann le hinfheistiú i sócmhainní réadacha, lena n-áirítear bonneagar;

(i) 

cuirfear infheisteoirí ar an eolas go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, faoi na dlínsí ina mbeidh infheistíocht déanta ag an ELTIF.

Airteagal 23 5.

Beidh i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF, i dteannta na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE, an méid seo a leanas:

(a) 

ráiteas ar shreabhadh airgid;

(b) 

faisnéis maidir le rannpháirtíocht in ionstraimí a bhaineann le cistí buiséadacha an Aontais;

(c) 

faisnéis maidir le luach na ngnóthas punainne cáilitheach aonair agus maidir le luach sócmhainní eile ina bhfuil an tELTIF infheistithe, lena n-áirítear luach na n-ionstraimí díorthacha airgeadais a úsáidtear.

(d) 

faisnéis maidir leis na dlínsí ina bhfuil sócmhainní an ELTIF.

I gcás ina margaítear an ELTIT le hinfheisteoirí miondíola, cuirfidh bainisteoir an ELTIF ar áireamh i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF fothaire ráiteas maidir le muirir chomhiomlána an ELTIF fothaire agus an mháistir-ELTIF. Léireofar i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF fothaire conas is féidir tuarascáil bhliantúil an mháistir-ELTIF a fháil.

Airteagal 23 6.
Arna iarraidh sin d'infheisteoir miondíola, soláthróidh bainisteoir an ELITF faisnéis bhreise maidir leis na teorainneacha cainníochta a bhfuil feidhm acu maidir le bainistiú riosca an ELTIF, na modhanna a roghnaítear chuige sin, agus an fhorbairt a bheidh déanta le tamall roimhe sin ar phríomhrioscaí agus ar phríomhthorthaí na gcatagóirí sócmhainní.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas