Ní thabharfaidh tríú páirtí faoi réamh-mhargaíocht thar ceann bainisteoir údaraithe ar chiste caipitil fiontair cáilitheach áit a bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar bhainisteoir ar chiste infheistíochta malartach i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó gníomhartha mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.