+Airteagal 22 Forálacha ginearálta maidir le riosca sistéamach
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
|
Airteagal 22 Forálacha ginearálta maidir le riosca sistéamach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Déanfaidh an tÚdarás breithniú cuí ar an riosca sistéamach a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Tabharfaidh sé aghaidh ar aon riosca go dtarlóidh suaitheadh sna seirbhísí airgeadais, ar suaitheadh é de chineál:
(a)
arb é is cúis leis ná lagú an chórais airgeadais ina iomláine nó lagú codanna den chóras sin; agus
(b)
a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige don mhargadh inmheánach agus don fhíorgheilleagar.
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tÚdarás breithniú ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar an riosca sistéamach de réir mar a bheith na nithe sin forbartha ag an BERS agus ag an Údarás agus gníomhóidh sé mar fhreagairt ar rabhaidh agus ar mholtaí ón BERS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, cur chuige coiteann a fhorbairt i dtaca leis an riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, lena n-áirítear táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla de réir mar is iomchuí.
▼B
Beidh na táscairí sin ina ngné chriticiúil i dtaca le gníomhaíochtaí maoirseachta iomchuí a chinneadh. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar an méid cóineasaithe a bheidh ann sna cinntí a dhéantar d’fhonn cur chuige coiteann a chur chun cinn.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Gan dochar do na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh an tÚdarás, de réir mar is gá, treoirlínte agus moltaí breise a tharraingt suas do na hinstitiúidí airgeadais chun an riosca sistéamach atá ann ina leith a chur san áireamh.
Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais a chur san áireamh nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme á bhforbairt sna réimsí a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
|
|
Airteagal 22 4.
|
Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh Parlaimint an hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, nó ar thionscnamh an Údaráis féin, féadfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh i leith cineáil áirithe institiúide airgeadais nó i leith cineáil táirge nó i leith cineáil iompraíocha chun na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do chosaint custaiméirí nó tomhaltóirí. Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Maoirseoirí moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann. Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.
|
|
Airteagal 22 5.
|
Áiritheoidh an Comhchoiste comhordú foriomlán agus trasearnála na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|