+Airteagal 32 Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.

Airteagal 32 Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.
Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí margaidh i réimse a inniúlachta agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás um Urrúis agus Margaí), an BERS agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha i dtaca le stuamacht ar an micrileibhéal, leis na rioscaí ionchasacha agus leis na leochaileachtaí. Cuirfidh an tÚdarás san áireamh, ina chuid measúnuithe, anailís ar na margaí ina n-oibríonn na hinstitiúidí airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí ionchasacha sa mhargadh ar institiúidí den sórt sin.
Airteagal 32 2.

Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:

(a) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúid airgeadais agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha á gcur san áireamh inter alia;

▼M2

(aa) 

modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear institiúidí airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;

▼B

(b) 

cur chuige coiteann cumarsáide maidir le torthaí na measúnuithe sin ar chumas na n-institiúidí airgeadais chun déileáil le forbairtí dochracha;

(c) 

modheolaíochtaí coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar éifeacht táirgí áirithe nó éifeacht próiseas dáiliúcháin áirithe ar staid airgeadais institiúide agus ar shealbhóirí polasaí, ar chomhaltaí scéimeanna pinsin acu, ar thairbhithe agus ar fhaisnéis do chustaiméirí;

▼M2

(d) 

modheolaíochtaí coiteanna lena ndéantar meastóireacht ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht institiúidí airgeadais.

Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.

Airteagal 32 3.

Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteanna na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.

▼B

Déanfaidh an tÚdarás aicmiú ar na príomhrioscaí agus ar na príomhleochaileachtaí a áireamh sna measúnuithe sin agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta coisctheacha nó bearta feabhais.

Airteagal 32 4.
Áiritheoidh an tÚdarás go bhfuil tuairisciú leordhóthanach ann maidir le forbairtí, rioscaí agus leochaileachtaí trasearnála trí chomhoibriú dlúth a dhéanamh, tríd an gComhchoiste, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás um Urrúis agus Margaí).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas