+Airteagal 27i Ceanglais eagraíochtúla maidir le ARManna
---+Airteagal 27i 1.
---+Airteagal 27i 2.
---+Airteagal 27i 3.
---+Airteagal 27i 4.
---+Airteagal 27i 4a.
---+Airteagal 27i 4b.
---+Airteagal 27i 5.
|
Airteagal 27i Ceanglais eagraíochtúla maidir le ARManna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27i 1.
|
Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag sásra tuairiscithe formheasta (ARM) chun an fhaisnéis a thuairisciú a cheanglaítear faoi Airteagal 26 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre tar éis an lae a rinneadh an t-idirbheart.
|
|
Airteagal 27i 2.
|
Déanfaidh ARM socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le ARM ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.
|
|
Airteagal 27i 3.
|
Comhlíonfaidh ARM na ceanglais maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
Airteagal 27i 4.
|
Beidh córais i bhfeidhm ag ARM lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire arna ndéanamh ag an ngnólacht infheistíochta a shainaithint, agus i gcás ina mbeidh earráid nó easnamh den sórt sin ann, sonraí faoin earráid nó easnamh a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh. Beidh córais i bhfeidhm ag ARM chun gur féidir le ARM earráidí nó easnaimh arna ndéanamh ag ARM féin a bhrath agus gur féidir le ARM tuarascálacha idirbheart a cheartú agus a tharchur, nó tuarascálacha idirbheart atá cruinn agus iomlán a atarchur, de réir mar a bheidh, chuig an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 27i 4a.
|
Beidh ceanglais oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus atá nochta go poiblí ag ARM maidir le rochtain ar a sheirbhísí ag gnóthais atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 26. Nochtfaidh ARM go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí tuairiscithe sonraí dá bhforáiltear de bhun an Rialacháin seo. Nochtfaidh sé ar bhonn leithligh na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint astu. Ceadóidh sé d’eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar bhonn leithligh. Beidh na praghsanna agus na táillí a ghearrfaidh ARM bainteach leis an gcostas.
|
|
Airteagal 27i 4b.
|
Déanfaidh ARM taifeadtaí a bhaineann lena ghnó a choimeád faoi réir an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM ar feadh 5 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 27i 5.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a)
na modhanna ina bhféadfaidh ARM an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh; agus
▼M6
(b)
na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i míreanna 2 agus 4.
▼M3
Tugtar an chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|