+Airteagal 8 Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
|
Airteagal 8 Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Gan dochar do mhír 2, ní bheidh feidhm maidir le hidirbhearta dochair dhírigh ag aon TII in aghaidh an idirbhirt dochair dhírigh ná ag comhaontú eile luacha saothair ag a bhfuil cuspóir nó éifeacht atá coibhéiseach.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I gcás R-idirbhearta féadfar TII a chur i bhfeidhm ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
dírítear leis an socrú ar chostais a leithdháileadh go héifeachtúil chuig an SSI, nó chuig an USI, is cúis leis an R-idirbheart, de réir mar is iomchuí, agus é á chur san áireamh go bhfuil costais idirbhirt ann agus áirithítear nach muirearaítear an t-íocóir go huathoibríoch agus beidh an SSI faoi thoirmeasc USIanna a mhuirearú i leith táillí áirithe R-idirbhearta a sháraíonn an costas a bhíonn ar an SSI i gcomhair idirbhearta den sórt sin;
(b)
tá na táillí bunaithe ar chostas, agus air sin amháin;
(c)
ní sháraíonn leibhéal na dtáillí an costas iarbhír a bheidh ar R-idirbheart a láimhseáil ag an SSI inchomparáide is costas-éifeachtúla a bhfuil costas orthu de dhroim R-idirbhirt, ar páirtí ionadaíoch é don socrú i dtéarmaí mhéid na n-idirbheart agus chineál na seirbhísí;
(d)
de bharr chur i bhfeidhm na dtáillí i gcomhréir le fomhír (a), le fomhír (b) agus le fomhír (c), cuirtear cosc ar SSI ó tháillí breise mhuirearú, a bhaineann leis na costais a chumhdaíonn na táillí idirmhalartaithe sin, a ghearradh ar a USIanna faoi seach;
(e)
níl aon rogha mhalartach ann atá praiticiúil agus inmharthanach go heacnamaíoch ar an socrú, ar rogha mhalartach í trína láimhseálfaí R-idirbhearta ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna nó ní b’éifeachtúla agus ar an gcostas céanna nó ní b’ísle do thomhaltóirí.
Chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfar ach catagóirí costais atá ábhartha go díreach agus gan aon éideimhne maidir le láimhseáil R-idirbheart a mheas agus táillí an R-idirbhirt á ríomh. Cinnfear na costais sin go cruinn. Beidh miondealú mhéid na gcostas, lena n-áirítear a chomhpháirteanna ar fad a shainaithint ar bhonn leithligh, mar chuid den socrú chun fíorú agus monatóireacht éasca a cheadú.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le socruithe aontaobhacha a dhéanann SSI agus maidir le socruithe déthabhaobhacha idir SSIanna a bhfuil cuspóir nó éifeacht acu atá coibhéiseach le cuspóir nó éifeacht socrú iltaobhach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|