+RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
------+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Inrochtaineacht
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 4 Idir-inoibritheacht
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 5 Ceanglais maidir le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
------+Airteagal 5 6.
------+Airteagal 5 7.
------+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5a Idirbhearta aistrithe creidmheasa meandracha
------+Airteagal 5a 1.
------+Airteagal 5a 2.
------+Airteagal 5a 3.
------+Airteagal 5a 4.
------+Airteagal 5a 5.
------+Airteagal 5a 6.
------+Airteagal 5a 7.
------+Airteagal 5a 8.
---+Airteagal 5b Muirir i leith aistrithe creidmheasa meandracha agus an t-íocaí a fhíorú
------+Airteagal 5b 1.
------+Airteagal 5b 2.
------+Airteagal 5b 3.
---+Airteagal 5c Fíorú an íocaí i gcás aistrithe creidmheasa
------+Airteagal 5c 1.
------+Airteagal 5c 2.
------+Airteagal 5c 3.
------+Airteagal 5c 4.
------+Airteagal 5c 5.
------+Airteagal 5c 6.
------+Airteagal 5c 7.
------+Airteagal 5c 8.
------+Airteagal 5c 9.
---+Airteagal 5d Scagadh USInna ag SSInna a thairgeann aistrithe creidmheasa meandracha chun a fhíorú cibé acu duine nó eintiteas é nó í USI atá faoi réir bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe
------+Airteagal 5d 1.
------+Airteagal 5d 2.
------+Airteagal 5d 3.
---+Airteagal 6 Dátaí deiridh
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 7 Bailíocht sainorduithe agus an ceart chun aisíocaíochta
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 8 Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 9 Inrochtaineacht íocaíochta
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 10 Údaráis inniúla
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 10 3.
------+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 11 Pionóis
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 1a.
------+Airteagal 11 1b.
------+Airteagal 11 1c.
------+Airteagal 11 1d.
------+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 12 Nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 13 Cumhachtaí a tharmligean
---+Airteagal 14 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 15 Athbhreithniú
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
------+Airteagal 15 5.
------+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 16 Forálacha idirthréimhseacha
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
------+Airteagal 16 4.
------+Airteagal 16 5.
------+Airteagal 16 6.
------+Airteagal 16 7.
------+Airteagal 16 8.
------+Airteagal 16 9.
---+Airteagal 17 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009
---+Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN
English - European Union - Financial Industry - Banking -

RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “aistriú creidmheasa” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocaí a chreidiúnú le hidirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta ó chuntas íocaíochta íocóra ó SHSI ar leis cuntas íocaíochta an íocóra, ar bhonn treorach ón íocóir;

▼M2

(1a) 

ciallaíonn “aistriú creidmheasa inmheánach” aistriú creidmheasa a chuirtear i gcrích láithreach, 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus ar aon lá féilire;

(1b) 

ciallaíonn “cainéal tionscanta íocaíochta” aon mhodh, feiste nó nós imeachta trínar féidir le híocóirí orduithe íocaíochta a chur chuig a SSI le haghaidh aistriú creidmheasa, lena n-áirítear baincéireacht ar líne, feidhmchlár baincéireachta soghluaiste, meaisín áiritheora uathoibrithe, nó ar aon shlí eile, ar áitreabh SSI;

(1c) 

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí tionscanta íocaíochta” soláthraí seirbhísí tionscanta íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (18), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(1d) 

ciallaíonn “ainm an íocaí”, i leith duine nádúrtha, an t-ainm agus an sloinne agus, i leith duine dlítheanach, an t-ainm tráchtála nó dlíthiúil;

(1e) 

ciallaíonn “bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe” reo sócmhainní arna fhorchur ar dhuine, ar chomhlacht nó ar eintiteas nó toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhuine nó d’eintiteas, nó chun sochair dóibh, go díreach nó go hindíreach, de bhun bearta sriantacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE;

(1f) 

ciallaíonn “Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh” nó “LEI” cód tagartha alfa-uimhriúil uathúil atá bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 a shanntar d’eintiteas dlíthiúil;

▼B

(2) 

ciallaíonn “dochar díreach” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocóra a chur chun dochair, ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn thoiliú an íocóra;

(3) 

ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta íocóra ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta do chuntas íocaíochta íocóra;

(4) 

ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar leis cuntas íocaíochta agus a bheartaítear mar fhaighteoir cistí is ábhar d’idirbheart íocaíochta;

▼M2

(5) 

ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (12), de Threoir (AE) 2015/2366;

▼B

(6) 

ciallaíonn “córas íocaíochta” córas aistrithe cistí ag a bhfuil socruithe foirmiúla agus caighdeánaithe agus rialacha coiteanna le haghaidh próiseáil, imréiteach nó socrú idirbheart íocaíochta;

(7) 

ciallaíonn “scéim íocaíochta” sraith aonair rialacha, cleachtas, caighdeán agus/nó treoirlínte chur chun feidhm arna gcomhaontú idir SSIanna chun idirbhearta íocaíochta a chur i gcrích ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit, agus ar sraith í atá ar leithligh ó aon bhonneagar nó aon chóras íocaíochta a thacaíonn le hoibriú na scéime;

(8) 

ciallaíonn “SSI” soláthraí seirbhíse íocaíochta faoi aon cheann de chatagóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Threoir 2007/64/CE, ach déanann sé na comhlachtaí sin a eisiamh atá liostaithe in Airteagal 2 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin ( 3 ) agus a thairbhíonn de tharscaoileadh faoi Airteagal 2(3) de Threoir 2007/64/CE;

(9) 

ciallaíonn “USI” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó íocaí;

(10) 

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag an íocóir nó ag an íocaí, lena n-aistrítear cistí idir cuntas íocaíochta san Aontas, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí;

(11) 

ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir a thugann íocóir nó íocaí dá SSI ag iarraidh go ndéanfaí idirbheart íocaíochta;

(12) 

ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí ar dhochair dhíreacha;

(13) 

ciallaíonn “TII” táille idirmhalartaithe iltaobhaigh atá faoi réir ag socrú idir níos mó ná dhá SSIanna;

(14) 

ciallaíonn “BBAN” aitheantóir uimhreach cuntais bhainc íocaíochta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le SSI i mBallstát agus nach féidir a úsáid ach le haghaidh idirbheart náisiúnta íocaíochta agus go bhfuil an cuntas íocaíochta sin sainaitheanta le IBAN d’idirbhearta trasteorann íocaíochta;

(15) 

ciallaíonn “IBAN” aitheantóir uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta uathúil i mBallstát, a bhfuil na heilimintí a bhaineann leis sonraithe ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO);

(16) 

ciallaíonn “BIC” cód aitheantóra gnó lena sainaithnítear gan débhrí SSI, a bhfuil a eilimintí sainithe ag an ISO;

(17) 

ciallaíonn “caighdeán ISO 20022 XML” caighdeán le haghaidh forbairt teachtaireachtaí airgeadais leictreonacha mar atá sainmhínithe ag ISO, lena gcuimsítear léiriú fisiciúil na n-idirbheart íocaíochta i gcomhréir XML, i gcomhréir le rialacha gnó agus treoirlínte cur chun feidhme scéimeanna uile-Aontais le haghaidh idirbheart íocaíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(18) 

ciallaíonn “córas íocaíochta mórluach” córas íocaíochta arb é a bpríomhaidhm idirbhearta íocaíochta aonair ar ardtosaíocht agus ardphráinn, agus ar luach mór go príomha, a phróiseáil, a ghlanadh nó a íoc;

(19) 

ciallaíonn “dáta socraíochta” dáta ar a ndéantar na hoibleagáidí maidir le haistriú cistí a urscaoileadh idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí;

(20) 

ciallaíonn “bailiú” cuid d’idirbheart dochair dhírigh a thosaíonn óna thionscnamh ag an íocaí go dtí a dheireadh tríd an ngnáthdhochar ó chuntas íocaíochta an íocóra;

(21) 

ciallaíonn “sainordú” comhthoil nó údarú a thugann an t-íocóir don íocaí (go díreach nó go hindíreach tríd an íocaí) do SSI an íocóra chun a cheadú don íocaí bailiú a thionscnamh do dhochar ó chuntas íocaíochta sainithe an íocóra agus a cheadú do SSI an íocóra cloí le treoracha den sórt sin;

▼M2

(22) 

ciallaíonn “córas íocaíochta miondíola” córas íocaíochta arb é a phríomhchuspóir aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha ar méideanna beaga go príomha iad, agus nach córas íocaíochta mórluach é, a phróiseáil, a imréiteach nó a shocrú;

▼B

(23) 

ciallaíonn “micreafhiontar” fiontar ar fiontar é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 4 );

(24) 

ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha eile seachas críocha trádála, gnó nó gairme i gconarthaí seirbhíse íocaíochta;

(25) 

ciallaíonn “R-idirbheart” idirbheart íocaíochta nach féidir le SSI a chur i gcrích i gceart nó a bhfuil próiseáil eisceachtúil mar thoradh air, inter alia toisc easpa cistí, cúlghairm, luach nó dáta mícheart, easpa sainordaithe nó cuntas mícheart nó dúnta;

(26) 

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta trasteorann” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe i mBallstáit éagsúla;

(27) 

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta náisiúnta” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna;

(28) 

ciallaíonn “páirtí tagartha” duine nádúrtha nó duine dlíthiúil ar thar a cheann a dhéanann íocóir íocaíocht nó go bhfaigheann íocaí íocaíocht.

Airteagal 3 Inrochtaineacht
Airteagal 4 Idir-inoibritheacht
Airteagal 5 Ceanglais maidir le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha
Airteagal 5a Idirbhearta aistrithe creidmheasa meandracha
Airteagal 5b Muirir i leith aistrithe creidmheasa meandracha agus an t-íocaí a fhíorú
Airteagal 5c Fíorú an íocaí i gcás aistrithe creidmheasa
Airteagal 5d Scagadh USInna ag SSInna a thairgeann aistrithe creidmheasa meandracha chun a fhíorú cibé acu duine nó eintiteas é nó í USI atá faoi réir bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe
Airteagal 6 Dátaí deiridh
Airteagal 7 Bailíocht sainorduithe agus an ceart chun aisíocaíochta
Airteagal 8 Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha
Airteagal 9 Inrochtaineacht íocaíochta
Airteagal 10 Údaráis inniúla
Airteagal 11 Pionóis
Airteagal 12 Nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt
Airteagal 13 Cumhachtaí a tharmligean

Airteagal 13

Cumhachtaí a tharmligean

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 d’fhonn an Iarscríbhinn a leasú chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí margaidh a chur san áireamh.

Airteagal 14 An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 15 Athbhreithniú
Airteagal 16 Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 17 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 leis seo mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):

“10. 

ciallaíonn ‘cistí’ nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air ( *1 ).

(2) 

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  
Beidh na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna laistigh den Bhallstát óna dtagann an íocaíocht trasteorann.”;
(3) 

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 2;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  
Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta muirir a thobhach sa bhreis ar na muirir a toibhíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) maidir le húsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcás ina dtreoraíonn an t-úsáideoir sin don soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht trasteorann a dhéanamh gan IBAN a chur in iúl agus i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ( *2 ), an BIC gaolmhar le haghaidh an chuntais íocaíochta sa Bhallstát eile. Beidh na muirir sin iomchuí agus i gcomhréir leis na costais. Beidh siad aontaithe idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ar an eolas maidir le méid na muirear breise in am agus i dtráth sula mbeidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta faoi cheangal ag comhaontú den chineál sin.
(4) 

in Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  
Le héifeacht ón 1 Feabhra 2016, cuirfidh Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscthe náisiúnta atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí.”;
(5) 

leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) 

i mír 1, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(b) 

i mír 2, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(c) 

i mír 3, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(6) 

scriostar Airteagal 8.

Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

IARSCRÍBHINN




IARSCRÍBHINN

CEANGLAIS THEICNIÚLA (AIRTEAGAL 5)

(1) I dteannta na gceanglas riachtanach atá leagtha amach in Airteagal 5, beidh na ceanglais theicniúla seo a leanas infheidhme maidir le haistrithe creidmheasa agus le hidirbhearta dochair dhírigh:

(a) 

Is é IBAN an t-aitheantóir cuntais íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) agus (c).

(b) 

Is é an caighdeán ISO 20022 XML an caighdeán don fhormáid teachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) agus (d).

(c) 

Beidh spás i réimse sonraí an seoltáin le haghaidh 140 carachtar. Féadfaidh scéimeanna íocaíochta spás a thabhairt le haghaidh líon níos mó carachtar, seachas má tá srianta teicniúla i dtaca le líon na gcarachtar ag baint leis an bhfeiste a úsáidtear chun faisnéis a sheoladh; sa chás sin tá feidhm ag an teorainn theicniúil sin.

(d) 

Maidir leis an bhfaisnéis thagartha seoltáin agus na sonraí eile ar fad a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (2) agus pointe (3) den Iarscríbhinn seo, déanfar iad a chur ar aghaidh ina n-iomláine agus gan athrú idir SSIanna sa slabhra íocaíochta.

(e) 

Nuair a bheidh na sonraí is gá ar fáil i bhfoirm leictreonach, déanfaidh idirbheart íocaíochta próiseáil leictreonach atá iomlán uathoibríoch a cheadú le linn gach céime den phróiseáil (ó thús go deireadh díreach tríd an bpróiseáil), lena mbeifear in ann an próiseas ar fad a dhéanamh go leictreonach gan aon ghá le sonraí a athchódú ná le baint dó de láimh. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le láimhseáil eisceachtúil idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh, tráth ar bith is indéanta.

(f) 

Ní chuirfidh scéimeanna íocaíochta aon tairseach íosta ar mhéid an idirbhirt íocaíochta agus ceadóidh siad aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha ach ní cheanglaítear orthu idirbhearta íocaíochta a phróiseáil le méid nialasach.

(g) 

Ní chuirtear oibleagáid ar scéimeanna íocaíochta aistrithe creidmheasa ná dochair dhíreacha a théann thar EUR 999 999 999,99 a chur i gcrích.

(2) I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa:

(a) 

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a):

(i) 

ainm an íocóra agus/nó IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;

(ii) 

méid an aistrithe creidmheasa;

(iii) 

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;

(iv) 

ainm an íocaí, i gcás go mbeidh sé ar fáil;

(v) 

aon fhaisnéis seoltáin.

(b) 

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b):

(i) 

ainm an íocóra;

(ii) 

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;

(iii) 

méid an aistrithe creidmheasa;

(iv) 

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;

(v) 

aon fhaisnéis seoltáin;

(vi) 

aon chód aitheantais íocaithe;

(vii) 

ainm aon pháirtí tagartha de chuid an íocaí;

(viii) 

aon chuspóir de chuid an aistrithe creidmheasa;

(ix) 

catagóir aon chuspóra de chuid an aistrithe creidmheasa.

(c) 

Ina theannta sin, tabharfaidh SSI an íocóra na sonraí éigeantacha a leanas do SSI an íocaí:

(i) 

BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(ii) 

BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(iii) 

cód aitheantais na scéime íocaíochta;

(iv) 

dáta socraíochta an aistrithe creidmheasa;

(v) 

uimhir thagartha SSI an íocóra le haghaidh na teachtaireachta aistrithe creidmheasa.

(d) 

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(c):

(i) 

ainm an íocóra;

(ii) 

méid an aistrithe creidmheasa;

(iii) 

aon fhaisnéis seoltáin.

(3) I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta dochair dhírigh:

(a) 

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(a)(i):

(i) 

an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);

(ii) 

ainm an íocaí;

(iii) 

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;

(iv) 

más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;

(v) 

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;

(vi) 

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(vii) 

i gcás do dtabharfar sainordú an íocóra tar éis an 31 Márta 2012, an dáta ar a síníodh é;

(viii) 

an méid a bhaileofar;

(ix) 

tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;

(x) 

aitheantóir an íocaí;

(xi) 

aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, i gcás ina bhfuil an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;

(xii) 

aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir;

(xiii) 

aon chuspóir de chuid an bhailithe;

(xiv) 

aon chatagóir de chuid chuspóir an bhailithe.

(b) 

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(b):

(i) 

BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(ii) 

BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(iii) 

ainm pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(iv) 

cód aitheantais pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(v) 

ainm pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó sa sainordú dí-ábharaithe);

(vi) 

cód aitheantais pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(vii) 

cód aitheantais na scéime íocaíochta;

(viii) 

dáta socraíochta an bhailithe;

(ix) 

tagairt sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le haghaidh an bhailithe;

(x) 

an cineál sainordaithe;

(xi) 

an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);

(xii) 

ainm an íocaí;

(xiii) 

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;

(xiv) 

más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;

(xv) 

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;

(xvi) 

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(xvii) 

dáta sínithe an tsainordaithe má thugann an t-íocóir sainordú tar éis an 31 Márta 2012;

(xviii) 

an méid a bhaileofar;

(xix) 

tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);

(xx) 

aitheantóir an íocaí;

(xxi) 

aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);

(xxii) 

aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir.

(c) 

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(c):

(i) 

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(ii) 

aitheantóir an íocaí;

(iii) 

ainm an íocaí;

(iv) 

an méid a bhaileofar;

(v) 

aon fhaisnéis seoltáin;

(vi) 

cód aitheantais na scéime íocaíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas