+Airteagal 10 Údaráis inniúla
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.

Airteagal 10 Údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Déanfaidh Ballstáit údaráis phoiblí, comhlachtaí atá aitheanta sa dlí náisiúnta nó údaráis phoiblí a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht sin dóibh go sainráiteach, lena n-áirítear bainc cheannais náisiúnta, a ainmniú mar údaráis inniúla atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.
Airteagal 10 2.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla atá ainmnithe faoi mhír 1 faoin 1 Feabhra 2013. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus don Údarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Baincéireachta) (ÚEB), gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na n-údarás sin.
Airteagal 10 3.
Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbeidh breis is údarás inniúil amháin ar a gcríoch le haghaidh ábhar a gcumhdaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh Ballstáit go n-oibreoidh na húdarais sin i ndlúthchomhar ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a chomhall go héifeachtach.
Airteagal 10 4.
Déanfaidh na húdaráis inniúla monatóireacht éifeachtach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag SSIanna agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú. Comhoibreoidh siad le chéile i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2007/64/CE agus le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas