+Airteagal 17 Clásal athbhreithnithe
---+Airteagal 17 (a)
---+Airteagal 17 (b)
---+Airteagal 17 (c)
---+Airteagal 17 (d)
---+Airteagal 17 (e)
---+Airteagal 17 (f)
---+Airteagal 17 (g)
---+Airteagal 17 (h)
---+Airteagal 17 (i)
---+Airteagal 17 (j)
---+Airteagal 17 (k)
---+Airteagal 17 2
|
Airteagal 17 Clásal athbhreithnithe
Faoin 9 Meitheamh 2019, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil ón gCoimisiún breathnófar go háirithe ar cé chomh hiomchuí atá leibhéil na dtáillí idirmhalartaithe agus ar shásraí stiúrtha amhail muirir, agus úsáid agus costas modhanna éagsúla íocaíochta agus an leibhéal ar a dtagann gníomhaithe nua, teicneolaíocht nua agus samhlacha gnó nuálacha ar an margadh san áireamh. Measfar, go háirithe, an méid seo a leanas sa mheastóireacht:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 (a)
|
forbairt na dtáillí d'íocóirí;
|
|
Airteagal 17 (b)
|
leibhéal na hiomaíochta i measc soláthraithe cártaí íocaíochta agus scéimeanna cártaí íocaíochta;
|
|
Airteagal 17 (c)
|
na héifeachtaí ar chostais don íocóir agus don íocaí;
|
|
Airteagal 17 (d)
|
leibhéil an chur ar aghaidh a dhéanfaidh na ceannaithe den laghdú ar na leibhéil táille idirmhalartaithe;
|
|
Airteagal 17 (e)
|
na riachtanais theicniúla agus a n-impleachtaí do na páirtithe uile lena mbaineann;
|
|
Airteagal 17 (f)
|
éifeachtaí an chomhlipéadaithe ar an tsoláimhsitheacht don úsáideoir, go háirithe do dhaoine aosta agus d'úsáideoirí leochaileacha eile;
|
|
Airteagal 17 (g)
|
an éifeacht ar an margadh atá ag cártaí tráchtála a bheith eisiata ó Chaibidil II, agus an staid sna Ballstáit sin ina bhfuil cosc ar fhormhuirearú á cur i gcomparáid leis an staid sna Ballstáit sin ina bhfuil sé ceadaithe;
|
|
Airteagal 17 (h)
|
an éifeacht ar an margadh atá ag na forálacha speisialta do tháillí idirmhalartaithe ar idirbhearta intíre le cárta dochair;
|
|
Airteagal 17 (i)
|
forbairt na fála trasteorann agus a héifeacht ar an margadh aonair, agus an staid maidir le cártaí le táillí a bhfuil uasteorainn acu á cur i gcomparáid leis an staid maidir le cártaí nach mbaineann táillí uasteorannaithe leo, lena mheas arbh fhéidir a shoiléiriú cén táille idirmhalartaithe a mbeidh feidhm aige maidir le fáil trasteorann;
|
|
Airteagal 17 (j)
|
cur i bhfeidhm iarbhír na rialacha maidir leis an scéim cártaí íocaíochta agus an phróiseáil a dheighilt óna chéile, agus an gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar dhíchuachadh dlíthiúil.
|
|
Airteagal 17 (k)
|
an gá a d'fhéadfadh a bheith ann, ag brath ar éifeacht Airteagal 3(1) maidir le luach iarbhír na dtáillí idirmhalartaithe ar idirbhearta ardluacha agus meánluacha le cárta dochair, leis an mír sin a athbhreithniú trína fhoráil gur cheart an uasteorainn a theorannú chuig cíbe ceann is ísle den dá mhéid EUR 0,07 nó 0,2 % de luach an idirbhirt.
|
|
Airteagal 17 2
|
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún ina bhféadfar an uasteorainn do na táillí idirmhalartaithe a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|