|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó nó dá ghairm nó dá gairm;
(2)
ciallaíonn ‘creidiúnaí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas nó a gheallann creidmheas a dheonú le linn thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin;
(3)
ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa’ comhaontú trína ndeonaíonn creidiúnaí creidmheas, nó trína ngeallann creidiúnaí creidmheas a dheonú, do thomhaltóir i bhfoirm íocaíocht iarchurtha, iasachta nó garaíocht airgeadais chomhchosúil eile seachas comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí ar bhonn leanúnach ná soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina n-íocfaidh an tomhaltóir as na seirbhísí nó na hearraí sin ar feadh fhad a soláthair trí thráthchodanna;
(4)
ciallaíonn ‘seirbhís choimhdeach’ seirbhís a thairgtear don tomhaltóir i gcomhar leis an gcomhaontú creidmheasa;
(5)
ciallaíonn ‘costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir’ na costais uile, lena n-áirítear ús, coimisiúin, cánacha agus aon chineál eile táillí, a cheanglaítear ar an tomhaltóir a íoc i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa agus arb eol don chreidiúnaí fúthu, seachas costais nótaire; tá costais i leith seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, go háirithe préimheanna árachais, ar áireamh freisin i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir i gcás ina bhfuil sé éigeantach, ina theannta sin, conradh a thabhairt i gcrích maidir leis na seirbhísí coimhdeacha sin chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith;
(6)
ciallaíonn ‘an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir’ suim an mhéid iomláin creidmheasa agus chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir;
(7)
ciallaíonn ‘ráta céatadánach bliantúil an mhuirir’ nó ‘APR’ costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, arna shloinneadh mar chéatadán bliantúil de mhéid iomlán an chreidmheasa agus arna ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 30;
(8)
ciallaíonn ‘ráta iasachta’ an ráta úis a shloinntear mar chéatadán seasta nó athraitheach a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an méid creidmheasa a tarraingíodh anuas;
(9)
ciallaíonn ‘ráta iasachta seasta’ an ráta iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa, nó roinnt rátaí iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa ar feadh tréimhsí páirteacha ar ina leith a chinntear na rátaí iasachta agus úsáid eisiach á baint as céatadán seasta sonrach; mura gcinntear na rátaí iasachta uile sa chomhaontú creidmheasa, measfar nach bhfuil an ráta iasachta socraithe ach amháin ar feadh na dtréimhsí páirteacha ar lena n-aghaidh atá na rátaí iasachta cinnte go heisiach le céatadán seasta sonrach a chomhaontaítear ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;
(10)
ciallaíonn ‘méid iomlán creidmheasa’ an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil faoi chomhaontú creidmheasa;
(11)
ciallaíonn ‘meán marthanach’ aon ionstraim lena gcuirtear ar a cumas nó ar a chumas don tomhaltóir faisnéis atá dírithe go pearsanta air nó uirthi a stóráil ar bhealach atá inrochtana sa todhchaí ar feadh tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus lena bhféadfar an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;
(12)
ciallaíonn ‘idirghabhálaí creidmheasa’ duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil ag gníomhú mar chreidiúnaí ná nótaire ná nach gcuireann tomhaltóir i láthair creidiúnaí, agus sin amháin, agus a dhéanann an méid seo a leanas, le linn thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, ar luach saothair, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm airgid nó aon fhoirm chomhaontaithe eile de chomaoin airgeadais:
(a)
comhaontuithe creidmheasa a chur i láthair tomhaltóirí nó a thairiscint dóibh;
(b)
cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí trí obair ullmhúcháin nó riarachán réamhchonarthach eile a dhéanamh i leith comhaontuithe creidmheasa seachas dá dtagraítear i bpointe (a); nó
(c)
comhaontuithe creidmheasa a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí thar ceann an chreidiúnaí;
(13)
ciallaíonn ‘faisnéis réamhchonarthach’ an fhaisnéis a sholáthraítear sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag comhaontú creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, trí thairiscint cheangailteach a thíolacadh agus atá de dhíth ar an tomhaltóir chun bheith in ann tairiscintí creidmheasa éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus cinneadh eolach a dhéanamh i dtaobh an dtabharfaidh sé nó sí an comhaontú creidmheasa i gcrích;
(14)
ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;
(15)
ciallaíonn ‘cleachtas nasctha’ comhaontú creidmheasa a thairiscint nó a dheonú i bpacáiste le táirgí airgeadais ar leith eile nó seirbhísí airgeadais ar leith eile i gcás nach gcuirtear an comhaontú creidmheasa ar fáil don tomhaltóir ar leithligh;
(16)
ciallaíonn ‘cleachtas cuachta’ comhaontú creidmheasa a thairiscint nó a dhíol i bpacáiste le táirgí airgeadais ar leith eile nó seirbhísí ar leith eile i gcás ina gcuirtear an comhaontú creidmheasa ar fáil freisin don tomhaltóir ar leithligh ach ní gá go ndéantar sin ar na téarmaí ná na coinníollacha céanna atá ann nuair a thairgtear iad cuachta leis na táirgí nó seirbhísí eile sin;
(17)
ciallaíonn ‘seirbhísí comhairleacha’ moltaí pearsanta a thugtar do thomhaltóir i leith idirbheart amháin nó níos mó a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa agus ar gníomhaíocht ar leithligh iad ó dheonú creidmheasa agus ó na gníomhaíochtaí idirghabhála creidmheasa mar a leagtar amach i bpointe (12);
(18)
ciallaíonn ‘saoráid rótharraingthe’ comhaontú creidmheasa sainráite trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir is mó ná an t-iarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra;
(19)
ciallaíonn ‘rótharraingt intuigthe’ rótharraingt, a bhfuil glacadh léi go hintuigthe, trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir, cistí is mó ná an t-iarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra nó an tsaoráid rótharraingthe a comhaontaíodh;
(20)
ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa nasctha’ comhaontú creidmheasa inarb amhlaidh:
(a)
go bhfónann an creidmheas go heisiach chun comhaontú a mhaoiniú maidir le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí; agus
(b)
go bhfuil an dá chomhaontú sin, ó thaobh oibiachtúil de, ina n-aonad tráchtála; measfar gurb ann d’aonad tráchtála i gcás ina maoiníonn an soláthróir earraí nó an soláthraí seirbhíse féin an creidmheas don tomhaltóir nó, i gcás ina maoiníonn tríú páirtí an creidmheas, ina n-úsáideann an creidiúnaí seirbhísí an tsoláthróra earraí nó an tsoláthraí seirbhísí i dtaca le margú, tabhairt i gcrích nó ullmhú an chomhaontaithe creidmheasa, nó i gcás ina sonraítear go sainráite na hearraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí sa chomhaontú creidmheasa;
(21)
ciallaíonn ‘aisíocaíocht luath’ urscaoileadh iomlán nó páirteach oibleagáidí an tomhaltóra faoi chomhaontú creidmheasa, roimh an dáta a comhaontaíodh sa chomhaontú creidmheasa;
(22)
ciallaíonn ‘fiach-sheirbhísí comhairleacha’ cúnamh pearsantaithe de chineál teicniúil, dlíthiúil nó síceolaíoch a sholáthraíonn oibreoirí gairmiúla neamhspleácha nach creidiúnaithe ná idirghabhálaithe creidmheasa iad, go háirithe, mar a shainmhínítear sa Treoir seo, ná nach ceannaitheoirí creidmheasa ná seirbhíseoirí creidmheasa iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (6) agus (8), de Threoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), i bhfabhar tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu a gceangaltais airgeadais a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|