+Airteagal 45h 5.

Airteagal 45h 5.

Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f a bheidh le cur i bhfeidhm ar aon eintiteas de chuid grúpa réitigh ar bhonn aonair, déanfaidh údaráis réitigh an eintitis sin faoi seach an cinneadh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

tá na tuairimí agus na forchoimeádais a chuir údarás réitigh an eintitis réitigh i scríbhinn curtha san áireamh go hiomchuí, agus

(b) 

tá tuairimí agus ábhair amhrais an údaráis réitigh ar leibhéal grúpa, a cuireadh i scríbhinn, curtha san áireamh go hiomchuí i gcás nárbh é údarás réitigh an eintitis réitigh an t-údarás sin;

I gcás, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, ina bhfuil údarás réitigh an eintitis réitigh nó an t-údarás réitigh ar leibhéal grúpa tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis réitigh atá freagrach as na fochuideachtaí ar bhonn aonair a gcinntí siar agus fanfaidh siad ar aon chinneadh a fhéadfaidh ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin, agus déanfaidh siad a gcinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Cuirfidh cinneadh ÚBE pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír san áireamh.

Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin.

Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚBE má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach.

Ní dhéanfaidh údarás réitigh an eintitis réitigh ná údarás réitigh leibhéal an ghrúpa an scéal a chur faoi bhráid ÚBE le hidirghabháil cheangailteach a dhéanamh nuair atá an leibhéal a shocraigh údarás réitigh na fochuideachta:

(a) 

faoi bhun 2 % de mhéid iomlán méid iomlán na neamhchosanta riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e; agus

(b) 

i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 45c(7).

Cheal ar chinneadh ó ÚBE laistigh de mhí amháin, beidh feidhm ag cinntí údarás réitigh na bhfochuideachtaí.

Déanfar an cinneadh comhpháirteach agus aon chinntí a dhéanfar mura ndéantar cinneadh comhpháirteach a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta i gcás inarb ábhartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas