+Airteagal 5 Dualgas imscrúdaithe
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.

Airteagal 5 Dualgas imscrúdaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Gach tionóisc nó teagmhas tromchúiseach a bhaineann le haerárthaí agus a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) maidir leo, beidh siad ina n-ábhair imscrúdaithe sábháilteachta sa Bhallstát ina dtarlaíonn an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach.
Airteagal 5 2.
I gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 le haerárthach atá cláraithe i mBallstát agus go mbaineann tionóisc nó teagmhas tromchúiseach dó, agus nach féidir a shuíomh go críochnúil go bhfuil láthair na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh i gcríoch aon stáit, déanfaidh údarás imscrúdaithe sábháilteachta Bhallstát an chláraithe an t-imscrúdú sábháilteachta.
Airteagal 5 3.
Is é an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta a chinnfidh raon feidhme na n-imscrúduithe sábháilteacht dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 4 agus an nós imeachta a bheidh le leanúint le linn na himscrúduithe sábháilteachta sin, iarmhairtí na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh agus na ceachtanna a mheasann sé a bheidh le foghlaim ó na himscrúduithe sin á gcur san áireamh chun sábháilteacht na heitlíochta a fheabhsú.
Airteagal 5 4.
Féadfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta cinneadh a dhéanamh chun teagmhais eile seachas na teagmhais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a imscrúdú, mar aon le tionóiscí nó teagmhais thromchúiseacha a bhaineann do chineálacha eile aerárthaí, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, nuair a cheapann siad go bhféadfaí ceachtanna sábháilteachta a bhaint astu.
Airteagal 5 5.
An t-údarás a bheidh freagrach as imscrúdú sábháilteachta, féadfaidh sé a chinneadh, de mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2 den Airteagal seo, agus na ceachtanna a mbeidh coinne leo chun sochair sábháilteacht eitlíochta a chur san áireamh, gan imscrúdú sábháilteachta a thionscnamh nuair a bhaineann tionóisc nó teagmhas tromchúiseach le haerárthach gan foireann nach bhfuil deimhniú nó dearbhú de dhíth air de bhun Airteagal 56(1) agus (5) den Rialachán (AE) 2018/1139, nó nuair a bhaineann tionóisc nó teagmhas tromchúiseach le haerárthach foireannaithe a bhfuil uasmhais éirí de thalamh cothrom le 2 250 kg nó faoina bhun aige, agus i gcás nach ndearnadh díobháil mharfach nó díobháil thromchúiseach do dhuine ar bith.
Airteagal 5 6.
Maidir leis na himscrúduithe sábháilteachta dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 4, ní bhainfidh siad in aon chor le milleán ná le dliteanas a chionroinnt. Beidh siad neamhspleách ar aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin chun milleán nó dliteanas a chionroinnt, beidh siad ar leithligh ó aon imeachtaí den sórt sin agus beidh siad gan dochar d'aon imeachtaí den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas