+Airteagal 50 Athnuachan ceart úsáide aonair maidir le speictrim raidió comhchuibhithe
---+Airteagal 50 1.
---+Airteagal 50 2.
---+Airteagal 50 3.
---+Airteagal 50 4.
|
Airteagal 50 Athnuachan ceart úsáide aonair maidir le speictrim raidió comhchuibhithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 50 1.
|
Glacfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cinneadh ar athnuachan ceart úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe go pras roimh dhul in éag fad na gceart sin ach amháin más rud é gur luadh go follasach, tráth an tsannta, nach bhféadfaí iad a athnuachan. Chun na críche sin, breithneoidh na húdaráis, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag sealbhóir na gceart, an gá atá leis an athnuachan sin, agus i cás iarraidh ó shealbhóir na gceart, ní dhéanfaidh siad an athnuachan a bhreithniú níos luaithe ná cúig bliana roimh dhul in éag fad na gceart lena mbaineann. Beidh sé sin gan dochar do chlásail um athnuachan is infheidhme maidir le cearta atá ann cheana.
|
|
Airteagal 50 2.
|
Agus cinneadh á ghlacadh acu de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh aird ag údaráis inniúla ar na nithe seo a leanas inter alia:
(a)
comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, in Airteagal 45(2) agus in Airteagal 48(2), agus comhlíonadh cuspóirí an bheartais phoiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;
(b)
cur chun feidhme beart cur chun feidhme teicniúil arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;
(c)
athbhreithniú ar chur chun feidhme iomchuí na gcoinníollacha a ghabhann leis an gceart lena mbaineann;
(d)
an gá le hiomaíocht a chur chun cinn, nó le haon saobhadh iomaíochta a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal 52;
(e)
an gá le húsáid speictrim raidió a dhéanamh níos éifeachtúla i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó forbairtí sa mhargadh;
(f)
an gá le cur isteach suntasach ar sheirbhísí a sheachaint;
|
|
Airteagal 50 3.
|
Agus athnuachan fhéideartha á breithniú acu maidir le cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe, agus teorainn ann maidir le líon na gceart úsáide sin de bhun mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh údaráis inniúla nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar bun agus déanfaidh siad go háirithe inter alia:
(a)
deis a thabhairt do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur in iúl le comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23; agus
(b)
luafaidh siad go soiléir na cúiseanna le hathnuachan fhéideartha den sórt sin.
Agus cinneadh á dhéanamh cearta úsáide a athnuachan nó nós roghnúcháin nua á eagrú lena ndeonófar cearta úsáide de bhun Airteagal 55, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile san áireamh aon fhianaise a d'eascair as an gcomhairliúchán a rinneadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo maidir le héileamh sa mhargadh ó ghnóthais nach gnóthais iad a bhfuil cearta úsáide acu don speictream raidió sa bhanda lena mbaineann.
|
|
Airteagal 50 4.
|
I dtaca le cinneadh athnuachana ar chearta aonair úsáide i leith speictream raidió comhchuibhithe, féadfar athbhreithniú ar na táillí agus ar na téarmaí agus coinníollacha eile a ghabhann leis sin a chur i dteannta an chinnidh sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile na táillí do chearta úsáide a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 42 á gcomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|