+Airteagal 9 Margaí todhchaíochta
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
---+Airteagal 9 9.
|
Airteagal 9 Margaí todhchaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719, eiseoidh oibreoirí córais tarchurtha cearta tarchurtha fadtéarmacha nó beidh bearta coibhéiseacha i bhfeidhm acu chun deis a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna ina n-úsáidtear fuinneamh in-athnuaite, rioscaí ó thaobh praghsanna de a fhálú, mura rud é go léireofar i measúnú ar an margadh todhchaíochta arna dhéanamh ag na húdaráis rialála inniúla ar theorainneacha na gcriosanna tairisceana go bhfuil deiseanna leordhóthanacha ar fhálú sna criosanna tairisceana lena mbaineann.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Leithdháilfear cearta tarchurtha fadtéarmacha, ar bhonn tráthrialta, ar bhealach trédhearcach, margadhbhunaithe agus neamh-idirdhealaitheach trí ardán aonair um leithdháileadh. Tacóidh minicíocht leithdháileacháin agus aibíochtaí na hacmhainneachta traschreasaí fadtéarmaí le feidhmiú éifeachtúil mhargaí todhchaíochta an Aontais.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Cuimseofar i ndearadh mhargaí todhchaíochta an Aontais na huirlisí is gá chun feabhas a chur ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh rioscaí praghais a fhálú sa mhargadh inmheánach leictreachais.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Faoin 17 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar thionchar na mbeart a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 3 a bhaint amach. Cumhdófar sa mheasúnú tionchair sin, inter alia, an méid seo a leanas:
(a)
athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an minicíocht leithdháileacháin le haghaidh cearta tarchurtha fadtéarmacha;
(b)
athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar aibíochtaí na gceart tarchurtha fadtéarmach, go háirithe aibíochtaí lena gcuirtear síneadh 3 bliana ar a laghad;
(c)
athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chineál na gceart tarchurtha fadtéarmach;
(d)
bealaí chun an margadh tánaisteach a neartú; agus
(e)
tabhairt isteach féideartha mol fíorúil réigiúnach le haghaidh na margaí todhchaíochta.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Maidir le moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta, cumhdófar an méid seo a leanas sa mheasúnú tionchair a dhéanfar de bhun mhír 4:
(a)
raon feidhme geografach leormhaith na mol fíorúil réigiúnach, lena n-áirítear na criosanna tairisceana arb é a bheadh iontu na moil sin agus cásanna sonracha de chriosanna tairisceana ar le dhá mhol fhíorúla nó níos mó iad, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir na praghsanna tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana sin ar moil fhíorúla réigiúnacha iad;
(b)
leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát, go háirithe leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát sin nár bhain amach na spriocanna idirnaisc leictreachais do 2020 agus 2030 a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
);
(c)
an mhodheolaíocht chun na praghsanna tagartha do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta a ríomh, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir an praghas tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana ar mol fíorúil réigiúnach iad;
(d)
an fhéidearthacht go ndéanfaí de chriosanna tairisceana cuid de níos mó ná mol fíorúil réigiúnach amháin;
(e)
na bealaí chun na deiseanna trádála a uasmhéadú le haghaidh táirgí fálaithe a thagraíonn do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta agus le haghaidh cearta tarchurtha fadtéarmacha ó chriosanna tairisceana go moil fhíorúla réigiúnacha;
(f)
na bealaí lena áirithiú go dtairgeann an t-ardán aonair um leithdháileadh dá dtagraítear i mír 2 leithdháileadh agus go n-éascaíonn sé trádáil ceart tarchurtha fadtéarmach;
(g)
impleachtaí na gcomhaontuithe idir-rialtasacha atá ann cheana agus na gceart faoi na comhaontuithe sin.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe tionchair dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Iúil 2026, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear tuilleadh bearta agus uirlisí chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a bhaint amach agus saintréithe beachta na mbeart agus na n-uirlisí sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
|
|
Airteagal 9 7.
|
Is mar eintiteas a thairgeann leithdháileadh agus a éascaíonn trádáil ceart tarchurtha fadtéarmach thar ceann oibreoirí córais tarchurtha a ghníomhóidh an t-ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719. Beidh aige an fhoirm dhlíthiúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
).
|
|
Airteagal 9 8.
|
I gcás ina measfaidh údarás rialála inniúil nach bhfuil deiseanna fálaithe leordhóthanacha ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
) i gcás ina mbaineann na margaí todhchaíochta le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), den Treoir sin, a cheangal ar mhalartuithe cumhachta nó oibreoirí córais tarchurtha bearta breise a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, chun leachtacht na margaí todhchaíochta a fheabhsú.
|
|
Airteagal 9 9.
|
Faoi réir chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais agus Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 (
7
) agus (AE) Uimh. 600/2014 (
8
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2014/65/AE, féadfaidh oibreoirí margaidh táirgí fálaithe todhchaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear táirgí fálaithe todhchaíochta fadtéarmacha, chun deiseanna iomchuí a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna cumhachta ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as luaineachtaí ar phraghsanna a fhálú. Ní cheanglóidh na Ballstáit go bhféadfaidh na gníomhaíochtaí fálaithe sin a bheith teoranta do thrádálacha laistigh de Bhallstát nó laistigh de chrios tairisceana.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|