+Airteagal 37 1.

Airteagal 37 1.

Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach ar a laghad na cúraimí uile a leanas a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag gabháil leo laistigh den réigiún oibríochta córas ar fad ina bhfuil sé bunaithe, rud a leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I:

▼M2

(a) 

agus ríomh na hacmhainneachta comhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaíochta acmhainneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1719, na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú agus na treoirlíne a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1222 agus na treoirlíne maidir le cothromú leictreachais a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2195;

▼B

(b) 

agus anailís slándála chomhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(c) 

agus samhlacha coiteanna eangaí á chruthú aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(d) 

agus é ag tacú leis an measúnú comhsheasmhachta ar phleananna cosanta agus ar phleananna don athbhunú atá ag oibreoirí córas tarchurtha i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chód Gréasáin maidir le héigeandálaí agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(e) 

agus réamhaisnéisí leormhaitheasa córas seachtaine roimh ré go lá roimh ré ar bhonn réigiúnach á dhéanamh aige agus é ag ullmhú le haghaidh gníomhaíochtaí laghdaithe riosca i gcomhréir leis an modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941 agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 174/2009;

(f) 

agus comhordú réigiúnach ar phleanáil ar éaradhá dhéanamh aige i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 714/2009;

(g) 

agus oiliúint agus deimhniú foirne atá ag obair do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha á chur ar siúl aige;

(h) 

agus é ag tacú le comhordú agus optamú d'athbhunú réigiúnach de réir mar a iarrann oibreoirí córas tarchurtha;

(i) 

anailís agus tuairisciú iaroibrithe agus iarshuaite;

(j) 

socrú méide réigiúnaigh a dhéanamh ar acmhainneacht chúltaca;

(k) 

agus soláthar réigiúnach na hacmhainneachta don chothromú á éascú aige;

(l) 

agus é ag tacú le hoibreoirí córas tarchurtha, arna iarraidh sin dóibh, agus optamú á dhéanamh ar chúitimh idir oibreoirí córas tarchurtha;

(m) 

agus é ag déanamh cúraimí a bhaineann le cásanna réigiúnacha géarchéime leictreachais a shainaithint i gcás ina ndéantar, agus a mhéid a dhéantar, iad a tharmligean chuig na Lárionaid Comhordúcháin Réigiúnacha de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/941;

(n) 

cúraimí a bhaineann leis na tuartha séasúracha leormhaitheasa má dhéantar iad agus a mhéid a dhéantar iad a tharmligean chuig na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/941;

(o) 

luach na hacmhainneachta iontrála uasta a ríomh a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta chun críocha moladh a eisiúint de bhun Airteagal 26(7).

(p) 

agus cúraimí a bhaineann le hoibreoirí tacaíochta córas tarchurtha a dheanamh chun riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana a uasghrádú, nó a gcuid roghanna malartacha, a chur faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus atá san áireamh sa phlean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

Leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas