+Airteagal 83 Neamhchomhlíonadh foirmiúil
---+Airteagal 83 1.
---+Airteagal 83 2.
|
Airteagal 83 Neamhchomhlíonadh foirmiúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 83 1.
|
Gan dochar d’Airteagal 79, i gcás ina bhfaigheann Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:
(a)
greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 20 den Rialachán seo;
(b)
níor greamaíodh an mharcáil CE;
(c)
tá uimhir aitheantais an chomhlachta faoinár dtugtar fógra, i gcás ina gceanglaítear faoi Iarscríbhinn VIII, greamaithe de shárú ar Airteagal 20 nó níor greamaíodh í;
(d)
níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE nó níor tarraingíodh suas i gceart é;
(e)
níl an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII ar fáil nó níl sí iomlán;
(f)
tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(7) nó in Airteagal 41(3) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;
(g)
níor comhlíonadh aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagail 38 nó 41;
|
|
Airteagal 83 2.
|
I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart iomchuí chun an ceallra a shrianadh nó a thoirmeasc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|