+Airteagal 7
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
|
Airteagal 7
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Comhlíonfaidh táirgí na ceanglais feidhmíochta a bhaineann leis na gnéithe táirge, mar a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Maidir leis na ceanglais faisnéise:
(a)
áireofar orthu, ar a laghad, ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach a leagtar amach i gCaibidil III agus ceanglais a bhaineann le substaintí ar ábhar imní iad a leagtar amach i mír 5;
(b)
de réir mar is iomchuí, ceanglófar leo chomh maith go mbeadh na nithe seo a leanas ag gabháil le táirgí:
(i)
faisnéis ar fheidhmíocht an táirge i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear scór indeisitheachta, scór marthanachta, lorg carbóin nó lorg comhshaoil;
(ii)
faisnéis do chustaiméirí agus do ghníomhaithe eile ar conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú, chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, ar conas córais oibriúcháin tríú páirtí a shuiteáil i gcás inarb ábhartha, agus freisin ar bhailiú le haghaidh athchóirithe nó athmhonaraithe, agus ar conas an táirge a thabhairt ar ais nó a láimhseáil ag deireadh na saolré;
(iii)
faisnéis do shaoráidí cóireála ar dhíchóimeáil, athúsáid, athfheistiú, athchúrsáil, nó diúscairt ag deireadh na saolré;
(iv)
faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar roghanna táirgí inbhuanaithe do chustaiméirí agus ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun úsáid iomchuí, oibríochtaí coinneála luacha agus cóireáil cheart ag deireadh na saolré a éascú;
(c)
beidh siad soiléir, sothuigthe agus in oiriúint do shaintréithe ar leith na ngrúpaí táirgí lena mbaineann agus faighteoirí beartaithe na faisnéise.
Féadfar ceanglas faisnéise a shocrú maidir le paraiméadar táirge sonrach gan beann ar cibé a shocraítear ceanglas feidhmíochta don pharaiméadar táirge sonrach sin. I gcás ina bhfuil ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta i ngníomh tarmligthe, ní bheidh feidhm ag pointe (a) den mhír seo.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Ní bhainfidh na ceanglais faisnéise atá bunaithe ar an bparaiméadar táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (f), le lipéadú substaintí nó meascán ar chúiseanna a bhaineann go príomha lena nguaiseacha don tsláinte nó don chomhshaol.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Agus na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) (i), á socrú aige, cinnfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise shonraíocht an ghrúpa táirgí, na haicmí feidhmíochta. Féadfaidh an Coimisiún na haicmí feidhmíochta a bhunú ar pharaiméadair aonair nó ar scóir chomhiomlánaithe. Féadfar na haicmí feidhmíochta sin a shloinneadh i ndearbhthéarmaí nó in aon fhoirm eile lena gcuirtear ar chumas custaiméirí ionchasacha na táirgí is fearr feidhmíocht a roghnú. Comhfhreagróidh na haicmí feidhmíochta sin d’fheabhsuithe suntasacha ar na leibhéil feidhmíochta. I gcás ina bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ar pharaiméadair a shocraítear ceanglais feidhmíochta ina leith, comhfhreagróidh an aicme is ísle don fheidhmíocht íosta is gá tráth a thosóidh na haicmí feidhmíochta d’fheidhm a bheith acu.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Mura bhforáiltear a mhalairt faoi mhír 6, pointe (b), leis na ceanglais faisnéise beidh sé indéanta na substaintí ar ábhar imní iad a rianú, i rith shaolré na dtáirgí lena mbaineann, mura rud é gur féidir rianú den sórt sin a dhéanamh cheana de bhun ceanglais faisnéise a leagtar síos i ngníomh tarmligthe eile a ghlactar de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar orthu na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
ainm nó cód uimhriúil na substaintí ar ábhar imní iad atá sa táirge, mar seo a leanas:
(i)
ainm in ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC), nó ainm idirnáisiúnta eile nuair nach bhfuil ainm IUPAC ar fáil;
(ii)
ainmneacha eile, lena n-áirítear gnáthainm, trádainm, giorrúchán;
(iii)
uimhir an Chomhphobail Eorpaigh (CE), mar a léirítear san Fhardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS), sa Liosta Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha
►C2
dá dtugtar fógra ◄ (ELINCS) nó sa Liosta Substaintí nach Polaiméirí iad a Thuilleadh (NLP) nó an uimhir arna sannadh ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), má tá sí ar fáil agus más iomchuí;
(iv)
ainm agus uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS), má tá siad ar fáil;
(b)
suíomh na substaintí ar ábhar imní iad laistigh den táirge;
(c)
tiúchan, uastiúchan nó raon tiúchana na substaintí ar ábhar imní iad, ar leibhéal an táirge, a chomhpháirteanna ábhartha, nó a pháirteanna spártha;
(d)
treoracha ábhartha maidir leis an táirge a úsáid go sábháilte;
(e)
faisnéis is ábhartha do dhíchóimeáil, ullmhú le haghaidh athúsáide, athúsáid, athchúrsáil agus bainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol ar an táirge ag deireadh a shaolré.
Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí i gcás an ghrúpa táirgí lena mbaineann, tairseacha a leagan síos do cá huair atá feidhm le bheith ag an gceanglas faisnéise maidir le substaintí ar ábhar imní iad.
|
|
Airteagal 7 6.
|
I gcás ina leagann an Coimisiún amach ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh sé an méid seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
(a)
dátaí theacht i bhfeidhm ceanglas faisnéise den sórt sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5 a leagan síos, agus idirdhealú á dhéanamh idir substaintí ar ábhar imní iad aige i gcás inar gá;
(b)
díolúintí cuí-réasúnaithe a sholáthar le haghaidh substaintí ar ábhar imní iad nó eilimintí faisnéise ó cheanglais faisnéise den sórt sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5, bunaithe ar a indéanta atá sé go teicniúil nó a ábhartha atá sé na substaintí ar ábhar imní iad a rianú, ar mhodhanna anailíseacha a bheith ann chun iad a bhrath agus a chainníochtú, ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó a chosaint nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo; substaintí ar ábhar imní iad de réir bhrí Airteagal 2(27), pointe (a), ní dhíolmhófar iad má tá siad i dtáirgí, ina gcomhpháirteanna ábhartha nó ina bpáirteanna spártha ábhartha i dtiúchan is mó ná meáchan 0,1 % de réir meáchain; agus
(c)
comhsheasmhacht leis na ceanglais faisnéise atá ann cheana faoi dhlí an Aontais a áirithiú agus an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, lena n-áirítear trí réitigh theicniúla iomchuí.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Tabharfar le fios leis na ceanglais faisnéise an chaoi a bhfuil an fhaisnéis riachtanach le cur ar fáil. I gcás ina mbíonn pas táirge digiteach ar fáil, soláthrófar an fhaisnéis is gá ann agus, i gcás inar gá, soláthrófar í ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:
(b)
ar phacáistíocht an táirge;
(c)
ar lipéad dá dtagraítear in Airteagal 16;
(d)
i lámhleabhar úsáideora nó i ndoiciméadacht eile a ghabhann leis an táirge;
(e)
ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár a bhfuil rochtain saor in aisce air.
Tabharfar faisnéis a fhágann gur féidir substaintí ar ábhar imní iad a rianú de bhun mhír 5 ar an táirge nó beidh sí inrochtana trí iompróir sonraí atá ar áireamh ar an táirge.
|
|
Airteagal 7 8.
|
An fhaisnéis atá le soláthar de bhun ceanglais faisnéise, soláthrófar í i dteanga is féidir leis na custaiméirí a thuiscint gan stró, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i mbun seirbhíse.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|