+Airteagal 9 3

Airteagal 9 3

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás ina dtugann an Coimisiún tacaíocht faoi mhír 2 i gcomhréir leis an gcomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír sin, an Coimisiún tomhais ithreach trí shamplaí ithreach a thógáil ag na pointí samplála dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh siad sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú de réir mar is ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

luachanna na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

i gcás inarb ábhartha, luachanna na dtuairisceoirí ithreach breise dá dtagraítear in Airteagal 7(7).

Beidh na Ballstáit díolmhaithe ó shamplaí ithreach a thógáil as ithir shéalaithe agus as limistéir ar a ndearnadh baint ithreach.

Féadfaidh na Ballstáit na limistéir nach bhfuil i mbaol an tsalannaithe a eisiamh ó thomhas na seoltachta leictrí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin, agus tabharfaidh siad míniú dá réir.

Déanfar an tsampláil ithreach in situ i gcomhréir leis na híoschritéir le haghaidh na modheolaíochta do na suirbhéanna samplála allamuigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2.

Maidir leis na tuairisceoirí éillithe ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, féadfaidh na Ballstáit na pointí samplála a theorannú d’fhothacar ábhartha de líon iomlán na bpointí samplála arna gcinneadh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo.

Maidir leis an tuairisceoir ar chaillteanas na bithéagsúlachta ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, déanfaidh na Ballstáit tomhais ar 5 % ar a laghad de líon iomlán na bpointí samplála arna gcinneadh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas