+Airteagal 4 Catagóirí innill
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
|
Airteagal 4 Catagóirí innill
Catagóirí innill
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na catagóirí innill seo a leanas, agus iad roinnte i bhfochatagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I:
|
(1)
|
“catagóir NRE” :
(a)
innill le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá oiriúnach le bogadh, nó a bheith bogtha ar bhóthar nó ar bhealach eile, nach bhfuil eisiata faoi Airteagal 2(2) agus nach n-áirítear in aon chatagóir eile a leagtar amach i bpointí (2) go (10) den mhír seo;
(b)
innill a bhfuil cumhacht tagartha níos lú ná 560 kW acu a úsáidtear in áit innill de chuid Chéim V de chatagóirí IWP, IWA, RLL nó RLR;
|
|
(2)
|
“catagóir NRG” : innill a bhfuil cumhacht tagartha níos mó ná 560 kW acu, atá le húsáid go heisiach i bhfoireann ginte; áirítear innill d'fhoirne ginte, seachas na hinnill a bhfuil na saintréithe sin acu a áirítear i gcatagóirí NRE nó NRS, de réir a gcuid saintréithe;
|
|
(3)
|
“catagóir NRSh” : innill SI láimhe a bhfuil cumhacht tagartha níos lú ná 19 kW acu, atá le húsáid go heisiach in innealra láimhe;
|
|
(4)
|
“catagóir NRS” : innill SI a bhfuil cumhacht tagartha níos lú ná 56 kW acu agus nach bhfuil áirithe i gcatagóir NRSh;
|
|
(5)
|
“catagóir IWP” :
(a)
innill atá le húsáid go heisiach i soithí uiscebhealaí intíre, le haghaidh tiomáint dhíreach nó neamhdhíreach, nó ceaptha le haghaidh tiomáint dhíreach nó neamhdhíreach, a bhfuil glanchumhacht atá níos mó ná, nó atá cothrom le 19 kW acu;
(b)
innill a úsáidtear in áit inneall de chuid chatagóir IWA ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad Airteagal 24(8);
|
|
(6)
|
“catagóir IWA” : innill chúnta atá le húsáid go heisiach i soithí uiscebhealaí intíre agus a bhfuil cumhacht tagartha atá níos mó ná, nó atá cothrom le, 19 kW acu;
|
|
(7)
|
“catagóir RLL” : innill le húsáid go heisiach in innill fhéinghluaiste, le haghaidh tiomána nó beartaithe le haghaidh tiomána;
|
|
(8)
|
“catagóir RLR”, :
(a)
innill le húsáid go heisiach i gcarranna iarnróid, le haghaidh tiomána nó beartaithe le haghaidh tiomána;
(b)
innill a úsáidfear in áit innill de chuid Chéim V de chuid chatagóir RLL;
|
|
(9)
|
“catagóir SMB” : innill SI atá le húsáid go heisiach i mótair sneachta; áirítear innill do mhótair sneachta, seachas innill SI, i gcatagóir NRE;
|
|
(10)
|
“catagóir ATS” : innill SI atá le húsáid go heisiach i ngach ATV agus SbS; áirítear innill d'ATVanna agus SbS seachas innill SI i gcatagóir NRE.
|
|
|
Airteagal 4 2.
|
Féadfar inneall faoi luas inathraithe i gcatagóir ar leith a úsáid in ionad inneall faoi luas seasmhach den chatagóir chéanna. Sa bhreis air sin, comhlíonfaidh innill faoi luas inathraithe de chatagóir IWP a úsáidtear le hoibríochtaí faoi luas seasmhach Airteagal 24(7) nó Airteagal 24(8), de réir mar atá infheidhme.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Déantar innill le haghaidh feithiclí cúntacha iarnróid agus innill chúntacha le haghaidh carranna iarnróid agus innill fhéinghluaiste a áireamh i gcatagóir NRE nó NRS, de réir a gcuid saintréithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|