+Airteagal 4 1.

Airteagal 4 1.

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na catagóirí innill seo a leanas, agus iad roinnte i bhfochatagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(1)

“catagóir NRE” :

(a) 

innill le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá oiriúnach le bogadh, nó a bheith bogtha ar bhóthar nó ar bhealach eile, nach bhfuil eisiata faoi Airteagal 2(2) agus nach n-áirítear in aon chatagóir eile a leagtar amach i bpointí (2) go (10) den mhír seo;

(b) 

innill a bhfuil cumhacht tagartha níos lú ná 560 kW acu a úsáidtear in áit innill de chuid Chéim V de chatagóirí IWP, IWA, RLL nó RLR;

(2)

“catagóir NRG” : innill a bhfuil cumhacht tagartha níos mó ná 560 kW acu, atá le húsáid go heisiach i bhfoireann ginte; áirítear innill d'fhoirne ginte, seachas na hinnill a bhfuil na saintréithe sin acu a áirítear i gcatagóirí NRE nó NRS, de réir a gcuid saintréithe;

(3)

“catagóir NRSh” : innill SI láimhe a bhfuil cumhacht tagartha níos lú ná 19 kW acu, atá le húsáid go heisiach in innealra láimhe;

(4)

“catagóir NRS” : innill SI a bhfuil cumhacht tagartha níos lú ná 56 kW acu agus nach bhfuil áirithe i gcatagóir NRSh;

(5)

“catagóir IWP” :

(a) 

innill atá le húsáid go heisiach i soithí uiscebhealaí intíre, le haghaidh tiomáint dhíreach nó neamhdhíreach, nó ceaptha le haghaidh tiomáint dhíreach nó neamhdhíreach, a bhfuil glanchumhacht atá níos mó ná, nó atá cothrom le 19 kW acu;

(b) 

innill a úsáidtear in áit inneall de chuid chatagóir IWA ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad Airteagal 24(8);

(6)

“catagóir IWA” : innill chúnta atá le húsáid go heisiach i soithí uiscebhealaí intíre agus a bhfuil cumhacht tagartha atá níos mó ná, nó atá cothrom le, 19 kW acu;

(7)

“catagóir RLL” : innill le húsáid go heisiach in innill fhéinghluaiste, le haghaidh tiomána nó beartaithe le haghaidh tiomána;

(8)

“catagóir RLR”, :

(a) 

innill le húsáid go heisiach i gcarranna iarnróid, le haghaidh tiomána nó beartaithe le haghaidh tiomána;

(b) 

innill a úsáidfear in áit innill de chuid Chéim V de chuid chatagóir RLL;

(9)

“catagóir SMB” : innill SI atá le húsáid go heisiach i mótair sneachta; áirítear innill do mhótair sneachta, seachas innill SI, i gcatagóir NRE;

(10)

“catagóir ATS” : innill SI atá le húsáid go heisiach i ngach ATV agus SbS; áirítear innill d'ATVanna agus SbS seachas innill SI i gcatagóir NRE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas