+Airteagal 8 Oibleagáidí ginearálta na monaróirí
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
|
Airteagal 8 Oibleagáidí ginearálta na monaróirí
Oibleagáidí ginearálta na monaróirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Áiritheoidh monaróirí nuair a chuirtear a gcuid inneall ar an margadh go bhfuil siad monaraithe agus cheadúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I gcás ina modhnóidh monaróirí inneall atá faoi réir chineálcheadú AE sa chaoi is go mbeidh sé cáilithe ina dhiaidh sin chun bheith i gcatagóir nó i bhfo-chatagóir éagsúil, beidh siad freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann an t-inneall sin na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcatagóir sin nó maidir leis an bhfochatagóir sin. I gcás ina modhnóidh duine dlítheanach inneall sa chaoi is nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na teorainneacha astaíochta is infheidhme maidir leis an inneall sin de réir a chatagóire nó a fhochatagóire, measfar an duine sin a bheith freagrach as a comhlíonadh na dteorainneacha astaíochta sin a athbhunú.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Beidh monaróirí freagrach don údarás ceadúcháin as gach gné de phróiseas chineálcheadú AE agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú, beag beann ar iad a bheith páirteach go díreach i ngach céim de dhéantús an innill.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun gur comhréireach i gcónaí leis an gcineál a formheasadh a bheidh an táirgiú a dhéantar i sraitheanna agus chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí inneall inseirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 19. Athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe chineál innill agus athruithe ar na ceanglais a ndearbhaítear ina leith go bhfuil cineál innill i gcomhréir leo, cuirfear na hathruithe sin san áireamh i gcomhréir le Caibidil VI.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Sa bhreis ar an marcáil reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 32, déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh san Aontas ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur ar na hinnill a mhonaraigh siad agus a chuireann siad ar an margadh nó, mura mbeidh sé sin indéanta, ar dhoiciméad a ghabhann leis an inneall.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Déanfaidh monaróirí, arna iarraidh sin orthu go réasúnaithe, cóip dhúblach den mharcáil reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 15(4) a chur ar fáil don OEM.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Áiritheoidh monaróirí, a fhad is a bhíonn siad freagrach as inneall, nach ndéanfar, le coinníollacha stórála nó iompair, comhlíonadh an innill sin leis an gCaibidil seo agus le Caibidil III a chur i mbaol.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Déanfaidh monaróirí deimhniú chineálcheadú AE mar aon lena cheangaltáin amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus, i gcás inarb infheidhme, cóip den ráiteas comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 31, a choinneáil ar fáil do na húdaráis cheadúcháin ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis inneall a chur ar an margadh.
|
|
Airteagal 8 9.
|
Déanfaidh monaróirí cóip de dheimhniú chineálcheadú AE d'inneall a sholáthar d'údaráis cheadúcháin, tríd an údarás ceadúcháin, arna iarraidh sin orthu go réasúnaithe. Beidh an chóip sin i dteanga a bheidh éasca don údarás iarrthach náisiúnta a thuiscint.
|
|
Airteagal 8 10.
|
Chun críocha chineálcheadú AE i leith inneall, ceapfaidh monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí amháin atá bunaithe laistigh den Aontas le hionadaíocht a dhéanamh ar a son agus iad ag plé leis an údarás ceadúcháin.
|
|
Airteagal 8 11.
|
Chun críocha faireachais margaidh, ceapfaidh monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí amháin atá bunaithe laistigh den Aontas, agus is ceadmhach gurb ionann an t-ionadaí sin agus an t-ionadaí dá dtagraítear i mír 10.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|