|
+Airteagal 10 Oibleagáidí ionadaithe faireachais margaidh na monaróirí |
Airteagal 10 Oibleagáidí ionadaithe faireachais margaidh na monaróiríAirteagal 10 Oibleagáidí ionadaithe faireachais margaidh na monaróirí Comhlíonfaidh ionadaithe faireachais margaidh na monaróirí na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, ar nithe iad a shonrófar sa sainordú scríofa a fhaightear ón monaróir:
(a)
áiritheoidh siad go bhféadfar deimhniú chineálcheadú AE mar aon lena cheangaltáin amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus, i gcás inarb infheidhme, cóip den ráiteas comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 31, a chur ar fáil do na húdaráis cheadúcháin ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis inneall a chur ar an margadh;
(b)
an fhaisnéis agus an doiciméadú go léir atá riachtanach chun a léiriú go bhfuil an chomhréireacht ag gabháil le táirgeadh innill, cuirfidh siad ar fáil don údarás ceadúcháin iad, ar iarraidh réasúnaithe;
(c)
rachaidh siad i gcomhar leis na húdaráis cheadúcháin agus faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh, i leith gníomhaíocht ar bith a dhéanfar faoina sainordú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|