+Airteagal 11 Oibleagáidí ginearálta allmhaireoirí
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.

Airteagal 11 Oibleagáidí ginearálta allmhaireoirí

Oibleagáidí ginearálta allmhaireoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach innill chomhréireacha a bhfuil cineálcheadú AE faighte acu.
Airteagal 11 2.

Áiritheoidh allmhaireoirí, sula ndéanfaidh siad inneall a fuair cineálcheadú AE a chur ar an margadh, an méid seo a leanas:

(a) 

go mbeidh deimhniú chineálcheadú AE, mar aon lena cheangaltáin amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(1), ar fáil;

(b) 

go mbeidh an mharcáil reachtúil, dá dtagraítear in Airteagal 32, ar an inneall;

(c) 

go gcomhlíontar Airteagal 8(5) leis an inneall.

Airteagal 11 3.
Ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis inneall a chur ar margadh, déanfaidh allmhaireoirí, i gcás inarb infheidhme, cóip den ráiteas comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a choinneáil ar fáil do na húdaráis cheadúcháin agus faireachais margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar deimhniú chineálcheadú AE mar aon lena cheangaltáin amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin.
Airteagal 11 4.
Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a n-ainm cláraithe trádála nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur ar an inneall, nó i gcás bhfuil sé sin indéanta, i ndoiciméad a ghabhann leis an inneall.
Airteagal 11 5.
Áiritheoidh na hallmhaireoirí go mbeidh an fhaisnéis agus na treoracha dá dtagraítear in Airteagal 43 ag gabháil leis an inneall.
Airteagal 11 6.
Áiritheoidh allmhaireoirí, a fhad is a bhíonn siad freagrach as inneall, nach ndéanfar, le coinníollacha stórála nó iompair, comhlíonadh an innill sin leis an gCaibidil seo nó le Caibidil III a chur i mbaol.
Airteagal 11 7.
Cuirfidh allmhaireoirí ar fáil d'údarás náisiúnta iarrthach, arna iarraidh sin dóibh go réasúnaithe, an fhaisnéis uile agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht innill a léiriú. Beidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i dteanga a bheidh éasca don údarás náisiúnta iarrthach a thuiscint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas