+Airteagal 22 Forálacha ginearálta
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.

Airteagal 22 Forálacha ginearálta

Forálacha ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.

Déanfaidh an t-údarás ceadúcháin a gheobhaidh an t-iarratas cineálcheadú AE a dheonú do gach cineál innill nó d'aicme inneall a bheidh i gcomhréir le gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

na sonraí san fhillteán faisnéise;

(b) 

ceanglais an Rialacháin seo, agus go háirithe, comhréireacht na socruithe táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 26.

Airteagal 22 2.
I gcás ina gcomhlíonann inneall na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ní dhéanfaidh na húdaráis cheadúcháin aon cheanglais eile maidir le cineálcheadú AE a fhorchur i ndáil le hastaíochtaí sceite d'innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina bhfuil inneall den sórt sin suiteáilte,.
Airteagal 22 3.
Tar éis na dátaí maidir le cineálcheadú AE i dtaca leis na hinnill a leagtar amach in Iarscríbhinn III le haghaidh gach fo-chatagóra innill, ní dheonóidh na húdaráis cheadúcháin cineálcheadú AE do chineál innill ná d'aicme inneall nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 22 4.
Déanfar deimhnithe ar chineálcheadú AE a uimhriú i gcomhréir le córas comhchuibhithe a bheidh le leagan síos ag an gCoimisiún.
Airteagal 22 5.

Trí bhíthin IMI, déanfaidh an t-údarás ceadúcháin an méid seo a leanas:

(a) 

liosta de chineálcheaduithe AE a dheonaigh sé nó, i gcás inarb infheidhme, ar chuir sé leis, a chur ar fáil d'údaráis cheadúcháin na mBallstát eile laistigh de mhí amháin tar éis dó an deimhniú comhfhreagrach ar chineálcheadú a eisiúint;

(b) 

liosta de chineálcheaduithe AE ar dhiúltaigh sé dóibh nó a tharraing sé siar a chur ar fáil gan mhoill d'údaráis cheadúcháin na mBallstát eile, maille leis na cúiseanna atá leis an gcinneadh;

(c) 

cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE chineál an innill nó aicme an innill, i gcás inarb ann dó, a sheoladh chuig an údarás ceadúcháin sin laistigh de mhí amháin tar éis dó iarraidh a fháil ó údarás ceadúcháin Bhallstáit eile, maille leis an bpacáiste faisnéise dá dtagraítear i mír 6 do gach cineál innill lenar ghlac sé, ar dhiúltaigh sé dó nó a tharraing sé siar, nó do gach aicme inneall lenar ghlac sé, ar dhiúltaigh sé di, nó an cineálcheadú AE a tharraing sé siar.

Airteagal 22 6.
Cuirfidh an t-údarás ceadúcháin le chéile pacáiste faisnéise ina mbeidh an fillteán faisnéise maille leis an tuarascáil tástála agus le gach doiciméad eile a chuir an tseirbhís teicniúil nó an t-údarás ceadúcháin leis an bhfillteán faisnéise agus iad i mbun a bhfeidhmeanna (“an pacáiste faisnéise”).

Áireofar sa phacáiste faisnéise innéacs lena liostaítear a hinneachar, a bheidh uimhrithe go hoiriúnach nó marcáilte ar chaoi eile d'fhonn na leathanaigh uile agus formáid gach doiciméid a shainaithint go soiléir chun taifead ar na céimeanna leanúnacha i mbainistiú chineálcheadú AE, go háirithe ar dhátaí na n-athbhreithnithe agus na nuashonraithe, a chur ar fáil.

Áiritheoidh an t-údarás ceadúcháin go ndéanfar an fhaisnéis atá sa phacáiste faisnéise a choinneáil ar fáil go ceann tréimhse 25 bliana ar a laghad tar éis do bhailíocht chineálcheadú AE lena mbaineann dul in éag.

Airteagal 22 7.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lean leagtar síos an méid seo a leanas:

(a) 

an modh chun an córas comhchuibhithe uimhrithe dá dtagraítear i mír 4 a bhunú;

(b) 

na teimpléid agus struchtúr na sonraí maidir leis na sonraí dá dtagraítear i mír 5 a mhalartú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh, faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas