+Airteagal 26 Socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
|
Airteagal 26 Socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta
Socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Déanfaidh údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE na bearta is gá maidir leis an gcineálcheadú AE sin chun a fhíorú, i gcás inar gá i gcomhar le húdaráis cheadúcháin na mBallstát eile, go ndearnadh socruithe leordhóthanacha chun a áirithiú go mbeidh na hinnill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál a cheadaítear maidir le ceanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Déanfaidh údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE na bearta is gá maidir leis an gcineálcheadú AE sin chun a fhíorú go bhfuil na ráitis chomhréireachta arna n-eisiúint ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 31.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Déanfaidh údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE na bearta is gá maidir leis an gcineálcheadú AE sin chun a fhíorú, i gcás inar gá i gcomhar le húdaráis cheadúcháin na mBallstát eile, go bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leordhóthanach i gcónaí a mhéid a leanfaidh innill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe, i gcás inarb infheidhme, go leanfaidh ráitis chomhréireachta de bheith i gcomhréir le hAirteagal 31.
|
|
Airteagal 26 4.
|
D'fhonn a fhíorú go bhfuil inneall i gcomhréir leis an gcineál a cheadaítear, féadfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE ceann ar bith de na seiceálacha nó de na tástálacha is gá do chineálcheadú AE a dhéanamh ar shamplaí arna dtógáil ar áitribh an mhonaróra, lena n-áirítear ar shaoráidí táirgthe an mhonaróra.
|
|
Airteagal 26 5.
|
I gcás ina ndearbhóidh údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE nach bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm, go n-imíonn siad go mór ó na socruithe arna n-aontú amhail dá dtagraítear i mír 1, nach gcuirtear i bhfeidhm a thuilleadh iad, nó nach meastar a bheith leordhóthanach a thuilleadh, cé go leantar den táirgeadh, déanfaidh sé na bearta is gá chun a áirithiú go leanfar i gceart an nós imeachta maidir le comhréireacht an táirgthe nó tarraingeoidh sé siar cineálcheadú AE.
|
|
Airteagal 26 6.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 lena bhforlíontar an Rialachán trí na bearta mionsonraithe a leagan síos atá le glacadh agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag na húdaráis cheadúcháin d'fhonn a áirithiú go mbeidh na hinnill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál a cheadaítear. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 31 Nollaig 2016.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|