+Airteagal 28 Cineálcheaduithe AE a athbhreithniú agus a fhadú
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
|
Airteagal 28 Cineálcheaduithe AE a athbhreithniú agus a fhadú
Cineálcheaduithe AE a athbhreithniú agus a fhadú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
I gcás inar athraíodh na sonraí sa phacáiste faisnéise, gan gá le hiniúchtaí ná le tástálacha a dhéanamh arís, tabharfar “athbhreithniú” ar leasú den sórt sin. I gcás athbhreithniú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás ceadúcháin, gan mhoill, leathanaigh ábhartha an phacáiste faisnéise a athbhreithniú de réir mar is gá, agus gach ceann acu á mharcáil chun cineál an leasaithe a thaispeáint go soiléir, agus luafar inti dáta an leasaithe, agus áireofar innéacs athbhreithnithe a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise. Measfar go gcomhlíontar ceanglas na míre seo le leagan comhdhlúite, nuashonraithe, a mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar na leasuithe ag gabháil leis.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Maidir le haon leasú amhail dá dtagraítear i mír 1, tabharfar “síneadh” air i gcás inar athraíodh na sonraí sa phacáiste faisnéise agus i gcás ina dtarlóidh aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
is gá iniúchtaí breise nó tástálacha breise a dhéanamh;
(b)
athraíodh aon fhaisnéis a áirítear sa deimhniú ar chineálcheadú AE, cé is moite de na ceangaltáin a ghabhann leis;
(c)
tagann ceanglas nua a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomh tarmligthe nó i ngníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun an rialacháin seo chun bheith infheidhme maidir leis an gcineál innill a cheadaítear nó leis an aicme inneall a cheadaítear.
I gcás sínidh, déanfaidh an t-údarás ceadúcháin deimhniú nuashonraithe ar chineálcheadú AE a leagan síos, a léireofar le huimhir sínidh a dhéanfar a mhéadú i gcomhréir le líon na síntí leanúnacha a deonaíodh cheana. Leis an deimhniú sin ar chineálcheadú AE, cuirfear in iúl go soiléir an chúis atá leis an síneadh agus dáta an tsínidh.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Gach uair a leasaítear leathanaigh den phacáiste faisnéise nó a bhunaítear leagan comhdhlúite nuashonraithe, déanfar an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a ghabhann leis an deimhniú ar chineálcheadú AE a leasú dá réir sin, chun dáta an tsínidh is déanaí nó an athbhreithnithe is déanaí, nó dáta an chomhdhlúthaithe is déanaí ar an leagan nuashonraithe a léiriú.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Ní bheidh aon ghá le leasú a dhéanamh ar chineálcheadú AE chineál innill nó aicme inneall mura mbeidh baint, ó thaobh cúrsaí teicniúla de, ag na ceanglais nua dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 leis an gcineál sin innill nó leis an aicme sin innill maidir le feidhmíocht astaíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|