+Airteagal 31 Ráiteas comhréireachta
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
|
Airteagal 31 Ráiteas comhréireachta
Ráiteas comhréireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Soláthróidh an monaróir, ina cháil mar shealbhóir chineálcheadú AE do chineál innill nó d'aicme inneall, ráiteas comhréireachta (“ráiteas comhréireachta”) a ghabhann le hinnill a chuirtear ar an margadh, ar bhonn an méid a leanas:
(a)
díolúine dá dtagraítear in Airteagal 34(2), (4), (5), (6), (7) nó (8), in Airteagal 35(4); nó
(b)
foráil idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 58(9), (10) nó (11).
Sonrófar sa ráiteas comhréireachta gnéithe agus srianta áirithe a bhfuil feidhm le bheith acu maidir leis an inneall agus déanfar iad a sheachadadh saor in aisce in éineacht leis an inneall, agus gabhfaidh sé leis an meaisín soghluaiste nach meaisín bóthair é ina suiteáiltear an t-inneall. Ní bheidh seachadadh an deimhnithe ag brath ar iarraidh shainráite a dhéanamh ar an monaróir nó ar fhaisnéis bhreise a chur isteach chuige. Féadfar an ráiteas comhréireachta a sheachadadh i bhfoirm chomhaid shlán leictreonaigh freisin. Ar feadh tréimhse 10 mbliana i ndiaidh dáta táirgthe an innill, eiseoidh monaróir an innill, ar iarraidh úsáideoir deiridh an innill, macasamhail den ráiteas comhréireachta in aghaidh méid a íoc nach sáraíonn costas a eisiúna. Beidh an focal “macasamhail” infheicthe go soiléir ar aon dúblach den sórt sin de ráiteas comhréireachta.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Déanfar an ráiteas comhréireachta a tharraingt suas in aon teanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Féadann aon Bhallstát a iarraidh ar an monaróir go n-aistreofar an ráiteas comhréireachta ina theanga oifigiúil féin nó ina theangacha oifigiúla féin.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Maidir leis an duine (leis na daoine) atá údaraithe chun ráitis comhréireachta a shíniú, beidh sé (siad) ina bhall (ina mbaill) d'eagraíocht an mhonaróra agus beidh údarás mar is iomchuí aige (acu) ó lucht bainistíochta na heagraíochta sin chun gabháil d'fhreagracht dhleathach an mhonaróra go hiomlán maidir leis an dearadh agus an déanamh, nó maidir le comhréireacht táirgthe an innill.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Comhlánófar an ráiteas comhréireachta ina iomláine agus ní bheidh san áireamh ann teorainneacha i ndáil le húsáid an innill seachas iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 31 5.
|
féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an teimpléad don ráiteas comhréireachta a leagan síos, lena n-áirítear na gnéithe arb aidhm dóibh an brionnadh a chosc agus a cheadú an comhad slán leictreonach a fhíorú. Chun na críche sin, cuirfear ar fáil na gnéithe slándála a úsáidtear chun an ráiteas comhréireachta a chosaint le gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|