+Airteagal 40 Innill a athghairm
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
|
Airteagal 40 Innill a athghairm
Innill a athghairm
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1.
|
Nuair a thugtar ar mhonaróir ar deonaíodh cineálcheadú AE dó, de bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, innill a cuireadh ar an margadh a athghairm, bídís suiteáilte nó ná bídís in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, ar na mbonn go bhfuil na hinnill ina riosca tromchúiseach i ndáil le cosaint an chomhshaoil nó na sláinte poiblí, déanfaidh an monaróir sin:
(a)
an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE a chur ar an eolas láithreach; agus
(b)
sraith leigheasanna iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na riosca tromchúiseacha mholadh don údarás ceadúcháin sin.
|
|
Airteagal 40 2.
|
Cuirfidh an t-údarás ceadúcháin na leigheasanna molta in iúl d'údaráis ceadúcháin na mBallstát eile agus don Choimisiún gan mhoill. Áiritheoidh na húdaráis cheadúcháin go gcuirfear na leigheasanna i gcrích go héifeachtach ina mBallstáit féin.
|
|
Airteagal 40 3.
|
I gcás ina measfaidh údarás ceadúcháin na leigheasanna a bheith neamhleor nó nár cuireadh iad i gcrích sách tapa, déanfaidh sé an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE don mhonaróir a chur ar an eolas gan mhoill maidir leis an méid sin. Mura ndéanfaidh an monaróir bearta ceartaitheacha éifeachtacha a mholadh agus a chur i gcrích ina dhiaidh sin, glacfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh an cineálcheadú AE gach beart cosanta is gá, lena n-áirítear tarraingt siar chineálcheadú AE. I gcás go dtarraingítear siar an cineálcheadú AE, cuirfidh an t-údarás ceadaithe, taobh istigh de mhí i ndiaidh an tarraingt siar sin tabharfaidh an monaróir fógra faoin méid sin d'údaráis cheadúcháin na mBallstát eile agus don Choimisiún le litir chláraithe nó le modh leictreonach coibhéiseach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|