|
+Airteagal 13b 6. |
Airteagal 13b 6.Beidh na Ballstáit i dteideal glanastaíochtaí nó glanaistrithe, nó an dá rud, a chúiteamh, a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh na spriocanna a shocraítear do na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó in aghaidh an bhuiséid a shocraítear do na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4), suas leis an méid nár úsáid Ballstáit eile den mhéid iomlán cúitimh don tréimhse ó 2021 go 2023, a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, tar éis Airteagal 13(4) agus mír 5 den Airteagal seo a chur san áireamh, ar choinníoll go ndearna na Ballstáit sin an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil na solúbthachtaí atá ar fáil de bhun Airteagal 12(1), agus mír 3 agus mír 5 den Airteagal seo ídithe ag na Ballstáit sin; agus
(b)
gur cuireadh fianaise faoi bhráid an Choimisiúin maidir le ceachtar de na nithe seo a leanas:
(i)
tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide a mbíonn astaíochtaí iomarcacha mar thoradh air, sin nó laghdú ar linnte nach bhfuil neart acu orthu; nó
(ii)
na héifeachtaí atá ag cion fíor-ard ithreacha orgánacha ina limistéar talún bainistithe, i gcomparáid le meán an Aontais, a bhfuil astaíochtaí iomarcacha mar thoradh orthu, ar choinníoll go bhfuil na héifeachtaí sin inchurtha i leith cleachtais bainistithe talún a tharla roimh theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 529/2013/AE;
(c)
go bhfuil san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí, arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, bearta sonracha chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte talún agus na taiscumair talún agus go maolófar leochaileacht na talún ar shuaití nádúrtha arna spreagadh ag an athrú aeráide. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|