+Airteagal 13b Sásra um úsáid talún don tréimhse 2026 go 2030
---+Airteagal 13b 1.
---+Airteagal 13b 2.
---+Airteagal 13b 3.
---+Airteagal 13b 4.
---+Airteagal 13b 5.
---+Airteagal 13b 6.
---+Airteagal 13b 7.
---+Airteagal 13b 8.
---+Airteagal 13b 9.
---+Airteagal 13b 10.
---+Airteagal 13b 11.
|
Airteagal 13b Sásra um úsáid talún don tréimhse 2026 go 2030
Sásra um úsáid talún don tréimhse 2026 go 2030
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13b 1.
|
Déanfar sásra um úsáid talún a chomhfhreagraíonn do chainníocht dar luach suas le 178 mhilliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais, faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal (4)2. Beidh an sásra um úsáid talún ar fáil chomh maith leis na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 12.
|
|
Airteagal 13b 2.
|
Tar éis do Bhallstát a sheacht ndícheall a dhéanamh aon tuairim ón gCoimisiún a cuireadh faoina bhráid faoi Airteagal 13d a chur san áireamh, i gcás inar dearfach an difríocht idir suim bhliantúil na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa ar chríoch Ballstáit sa tréimhse ó 2026 go dtí 2030, agus sna catagóirí tuairiscithe talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur dearfach í an sprioc a dtabharfar cuntas agus tuairisciú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar sprioc í a shocraítear don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó leis an mbuiséad a shocraítear don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4), féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an sásra a leagtar amach san Airteagal seo chun a sprioc a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó a bhuiséad a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(4) a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 13b 3.
|
I gcás inar figiúr dearfach a bheidh i dtoradh ceann amháin nó an dá cheann de na ríomhanna dá dtagraítear i mír 2 sa tréimhse ó 2026 go 2030, beidh an Ballstát i dteideal úsáid a bhaint as an sásra a leagtar amach san Airteagal seo chun glanastaíochtaí nó glan-aistrithe, nó an dá rud, a chúiteamh, a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh na sprice a shocraítear don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó in aghaidh an bhuiséid a shocraítear don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4), nó i gcoinne an dá rud, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
maidir leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe arna chur isteach aige de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, tá bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte curtha san áireamh ag an mBallstát ann chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte talún agus na taiscumair talún agus go maolófar leochaileacht na talún ar shuaití nádúrtha;
(b)
tá an tsolúbthacht atá ar fáil de bhun Airteagal 12(1) den Rialachán seo ídithe ag an mBallstát;
(c)
an difríocht san Aontas idir suim bhliantúil na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa uile ar a chríoch agus sna catagóirí tuairiscithe talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus sprioc an Aontais 310 milliún tona de choibhéis CO2 de ghlan-aistrithe, gur difríocht dhiúltach a bheidh inti in 2030.
Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar comhlíonadh an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo, laistigh den Aontas, áireoidh an Coimisiún suas le 30 %, ach gan bheith níos mó ná 20 Mt de choibhéis CO2, den bharrachas neamhúsáidte de ghealltanais na mBallstát faoi Airteagal 4(1) ón tréimhse ó 2021 go 2025, ar choinníoll go gcuirfidh Ballstát amháin nó níos mó fianaise faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaite nádúrtha i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.
|
|
Airteagal 13b 4.
|
Ní fhéadfaidh an méid cúitimh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal a bheith níos mó, don tréimhse ó 2026 go 2030, ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
|
|
Airteagal 13b 5.
|
Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaití nádúrtha arna ríomh de bhun Iarscríbhinn VI, chun go mbeidh siad incháilithe do chúiteamh ar ghlanastaíochtaí nó ar ghlanaistrithe, nó an dá rud, a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh na spriocanna a shocraítear do na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3), nó in aghaidh an bhuiséid a shocraítear do na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4), suas leis an méid nár úsáid Ballstáit eile den mhéid iomlán cúitimh don tréimhse ó 2026 go 2030, a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. I gcás inar mó an t-éileamh ar chúiteamh ná an méid cúitimh neamhúsáidte atá ar fáil, déanfar an cúiteamh neamhúsáidte sin a dháileadh ar bhonn pro rata i measc na mBallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 13b 6.
|
Beidh na Ballstáit i dteideal glanastaíochtaí nó glanaistrithe, nó an dá rud, a chúiteamh, a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh na spriocanna a shocraítear do na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó in aghaidh an bhuiséid a shocraítear do na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4), suas leis an méid nár úsáid Ballstáit eile den mhéid iomlán cúitimh don tréimhse ó 2021 go 2023, a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, tar éis Airteagal 13(4) agus mír 5 den Airteagal seo a chur san áireamh, ar choinníoll go ndearna na Ballstáit sin an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil na solúbthachtaí atá ar fáil de bhun Airteagal 12(1), agus mír 3 agus mír 5 den Airteagal seo ídithe ag na Ballstáit sin; agus
(b)
gur cuireadh fianaise faoi bhráid an Choimisiúin maidir le ceachtar de na nithe seo a leanas:
(i)
tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide a mbíonn astaíochtaí iomarcacha mar thoradh air, sin nó laghdú ar linnte nach bhfuil neart acu orthu; nó
(ii)
na héifeachtaí atá ag cion fíor-ard ithreacha orgánacha ina limistéar talún bainistithe, i gcomparáid le meán an Aontais, a bhfuil astaíochtaí iomarcacha mar thoradh orthu, ar choinníoll go bhfuil na héifeachtaí sin inchurtha i leith cleachtais bainistithe talún a tharla roimh theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 529/2013/AE;
(c)
go bhfuil san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí, arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, bearta sonracha chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte talún agus na taiscumair talún agus go maolófar leochaileacht na talún ar shuaití nádúrtha arna spreagadh ag an athrú aeráide.
|
|
Airteagal 13b 7.
|
Ní bheidh méid an chúitimh dá dtagraítear i mír 6 níos mó ná 50 milliún tona de choibhéis CO2 don Aontas ina iomláine. I gcás inar mó an t-éileamh ar chúiteamh ná an méid cúitimh atá ar fáil, déanfar an cúiteamh sin a dháileadh ar bhonn pro rata i measc na mBallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 13b 8.
|
San fhianaise dá dtagraítear i mír 6, pointe (b)(i), áireofar measúnú cainníochtúil ar na héifeachtaí ar ghlanastaíochtaí nó glanaistrithe, i dtéarmaí milliún tona de choibhéis CO2 don limistéar lena mbaineann, agus is ar innéacsanna cainníochtúla, inchomparáide agus iontaofa, ar shonraí atá sainráite go geografach agus ar an bhfianaise eolaíochta is fearr atá ar fáil a bheidh sí bunaithe. Beidh na hinnéacsanna agus na sonraí sin agus an fhianaise sin bunaithe ar athruithe breathnaithe lena gcumhdaítear an tréimhse 2001 go 2025, ar a laghad, agus ar réamh-mheastacháin agus breathnuithe a ndearnadh athbhreithniú eolaíochta orthu don tréimhse 2026 go 2030. Léireoidh na hinnéacsanna agus na sonraí sin agus an fhianaise sin athruithe cúlra meántéarmacha nó fadtéarmacha ar shaintréithe aeráide atá ábhartha don earnáil LULUCF, amhail tuire, meánteochtaí, meánfhrasaíocht, laethanta seaca, agus fad na dtriomach taise meitéareolaíoch nó ithreach.
|
|
Airteagal 13b 9.
|
San fhianaise dá dtagraítear i mír 6, pointe (b)(ii), áireofar bonn cirt lena gcuirtear in iúl gur mó an cion d’ithreacha orgánacha i limistéar talún bainistithe don Bhallstát lena mbaineann ná meánchion an Aontais don bhliain 2030. Áireofar san fhianaise anailís chainníochtúil, i milliún tona de choibhéis CO2, ar na hastaíochtaí tuairiscithe mar thoradh ar éifeachtaí leagáide ar ithreacha orgánacha bainistithe, bunaithe ar bhreathnuithe athbhreithnithe don tréimhse 2026-2030, sonraí inchomparáide, iontaofa, sainráite ó thaobh na geografaíochta de agus ar an bhfianaise eolaíochta is fearr atá ar fáil, go háirithe maidir le láithreáin chomhchosúla sa Bhallstát lena mbaineann. Beidh tuairisc ag gabháil leis an bhfianaise freisin ar na bearta atá á gcur chun feidhme faoi láthair lena n-íoslaghdaítear na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag éifeachtaí leagáide ar ithreacha orgánacha bainistithe.
|
|
Airteagal 13b 10.
|
Faoin 12 Bealtaine 2024, leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an struchtúr, an fhormáid, na sonraí teicniúla agus an próiseas chun an fhianaise dá dtagraítear i mír 6, pointe (b), den Airteagal seo a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16a.
|
|
Airteagal 13b 11.
|
Déanfaidh an Coimisiún an fhianaise arna tíolacadh ag na Ballstáit dá dtagraítear i mír 6, pointe (b), a chur ar fáil don phobal agus féadfaidh sé a iarraidh ar Bhallstát fianaise bhreise a thíolacadh más rud é, i ndiaidh dó seiceáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas ón mBallstát sin, go measann sé nach bhfuil údar maith léi nó go bhfuil sí díréireach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|