|
+Airteagal 13d 1. |
Airteagal 13d 1.Má chinneann an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag Ballstát chun a sprioc a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo a bhaint amach, agus an chonair agus an buiséad a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Rialachán seo á gcur san áireamh, chomh maith leis na solúbthachtaí faoin Rialachán seo, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina n-áireofar an méid seo a leanas:
(a)
míniúchán mionsonraithe ar na cúiseanna nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh aige;
(b)
measúnú ar an gcaoi ar thacaigh cistiú ón Aontas lena iarrachtaí chun a sprioc agus a bhuiséad a chomhlíonadh agus ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige an cistiú sin a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh chun iad a chomhlíonadh;
(c)
gníomhaíochtaí breise, lena gcomhlánaítear plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit sin de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 nó lena ndéanfar a chur chun feidhme a threisiú, a chuirfidh sé chun feidhme chun a sprioc a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó a bhuiséad a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(4) a chomhlíonadh trí bheartais agus bearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme, lena ngabhfaidh measúnú mionsonraithe, a mbeidh sonraí cainníochtúla mar bhonn taca leis, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ar na glanaistrithe gás ceaptha teasa atá beartaithe a thiocfadh as na gníomhaíochtaí sin;
(d)
clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. I gcás inar bhunaigh Ballstát comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta, féadfaidh sé comhairle a iarraidh ar an gcomhlacht sin chun na gníomhaíochtaí is gá dá dtagraítear i bpointe (c) a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|