|
+Airteagal 18 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 |
Airteagal 18 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 525/2013Airteagal 18 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:
(1)
In Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(da)
amhail ó 2023, a n-astaíochtaí agus a n-aistrithe arna gcumhdach faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)
cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Féadfaidh Ballstát a iarraidh go ndeonófar maolú ó phointe (da) den chéad fhomhír chun modheolaíocht eile seachas an ceann a shonraítear in Iarscríbhinn IIIa a chur i bhfeidhm dó i gcás nach bhféadfar an feabhas ar an modheolaíocht atá de dhíth a bhaint amach in am chun an feabhsú a chur san áireamh sna fardail ar gháis cheaptha teasa don tréimhse ó 2021 go 2030, nó i gcás go mbeadh costas díréireach ard ag baint leis an bhfeabhsú ar an modheolaíocht i gcomparáid le modheolaíocht den sórt sin a chur i bhfeidhm chun an cuntas a thugtar ar astaíochtaí agus ar aistrithe a fheabhsú i ngeall ar an tábhacht íseal atá ag na hastaíochtaí agus aistrithe ó na linnte carbóin lena mbaineann. Cuirfidh Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an maolú seo iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020, ina dtabharfar an amlíne le fios don uair a fhéadfar an feabhas ar an modheolaíocht agus/nó an mhodheolaíocht mhalartach atá beartaithe a chur chun feidhme, maille le measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith i gceist i dtaca le cruinneas na cuntasaíochta. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de thréimhse ama réasúnta shonraithe. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, deonóidh sé an maolú. Má dhiúltaíonn an Coimisiún don iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún na cúiseanna a bhí lena chinneadh.”.
(2)
I bpointe (c) d’Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(viii)
amhail ó 2023, faisnéis faoi bheartais náisiúnta agus faoi bhearta náisiúnta a cuireadh chun feidhme chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus faisnéis faoi bheartais náisiúnta bhreise agus bearta náisiúnta breise atá pleanáilte d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú, nó linnte a fheabhsú, sa bhreis ar a ngealltanais faoin Rialacháin sin;”.
(3)
In Airteagal 14(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(ba)
amhail ó 2023, réamh-mheastacháin ar gháis cheaptha teasa iomlána agus meastacháin ar leithligh do na hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá réamh-mheasta a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2018/841”.
(4)
Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:
“IARSCRÍBHINN IIIA Modheolaíochtaí don fhaireachán agus don tuairisciú dá dtagraítear i bpointe (da) d’Airteagal 7(1) Cur chuige 3: Sonraí ar thiontuithe úsáide talún bunaithe go sainráite ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. Modheolaíochtaí Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. I gcás astaíochtaí agus aistrithe do linn charbóin arb ionann í agus 25-30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linnte a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre de gháis cheaptha teasa i dtéarmaí dearbh-leibhéal astaíochtaí agus aistrithe, an treocht maidir le hastaíochtaí nó le haistrithe, nó an neamhchinnteacht sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. Moltar do na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|