Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit i dtaca leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Rannchuidíonn sé leis an sprioc fhadtéarmach aeráidneodracht san Aontas a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi sin, rannchuidíonn sé le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) (“an Dlí Aeráide Eorpach”) agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát ó thaobh a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh.
▼B