+Airteagal 5 Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 5a.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
|
Airteagal 5 Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe
Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 7,5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.
|
|
Airteagal 5 2.
|
I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe faoi bhun a leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain sin, féadfaidh sé, agus úsáid na solúbthachtaí de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 6 á cur san áireamh, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 75 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do 2021 a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus
(b)
i ndáil leis na blianta ó 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 25 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas go dtí an bhliain sin a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Féadfaidh Ballstát suas le 10 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 15 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.
|
|
Airteagal 5 5.
|
I gcás Ballstát a bhfuil líon athbhreithnithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa aige do bhliain áirithe faoi bhun an leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain áirithe sin, féadfaidh an Ballstát sin, agus an úsáid a bhaintear as solúbthachtaí de bhun mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 6 á cur san áireamh, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain lena mbaineann nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.
|
|
Airteagal 5 5a.
|
Sula ndéanfaidh sé leithdháiltí bliantúla astaíochtaí ar bith a aistriú de bhun mhíreanna 4 agus 5, cuirfidh Ballstát an Coiste um Athrú Aeráide, arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999, ar an eolas, i bhfoirm leictreonach, go bhfuil rún aige cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do bhliain ar leith a aistriú.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Ba cheart do na Ballstáit ioncam, nó a choibhéis mar luach airgeadais, a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhíreanna 4 agus 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i bhfoirm a bhfuil rochtain éasca uirthi.
|
|
Airteagal 5 7.
|
I dtaca le haon aistriú de leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a dhéantar de bhun mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh tionscadal nó clár a bhaineann le gás ceaptha teasa a mhaolú nó clár arna chur ar siúl sa Bhallstát díolacháin agus arna mhaoiniú ag an mBallstát glactha a bheith ina shiocair leis an aistriú sin, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint agus an inrianaitheacht a áirithiú.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Féadfaidh na Ballstáit creidmheasanna ó thionscadail, arna n-eisiúint de bhun Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE, a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, gan aon teorainn chainníochtúil, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|