|
+Airteagal 10 1. |
Airteagal 10 1.Déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a choigeartú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a eisíodh de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE de thoradh athrú ar na foinsí a chumhdaítear leis an Treoir sin, i gcomhréir leis na Cinntí ón gCoimisiún a glacadh de bhun na Treorach sin maidir le formheas deiridh na bpleananna náisiúnta leithdháiliúcháin don tréimhse ó 2008 go 2012;
(b)
coigeartuithe ar líon lamháltas nó creidmheasa faoi seach faoi EU ETS a eisítear de bhun Airteagal 24 agus Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i mBallstát; agus
(c)
coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha arna n-eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse atá siad eisiata. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|