+Airteagal 11 Cúlchiste sábháilteachta
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
|
Airteagal 11 Cúlchiste sábháilteachta
Cúlchiste sábháilteachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Déanfar cúlchiste sábháilteachta ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 105 mhilliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1. Beidh an cúlchiste sábháilteachta ar fáil i dteannta na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as an gcúlchiste sábháilteachta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
bhí OTI per capita an Bhallstáit de réir margadhphraghsanna in 2013, arna bhfoilsiú ag Eurostat i mí Aibreáin 2016, faoi bhun mheán an Aontais;
(b)
tá astaíochtaí gás ceaptha teasa carntha an Bhallstáit do na blianta ó 2013 go 2020 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi bhun a leithdháiltí carnacha bliantúla astaíochtaí do na blianta ó 2013 go 2020; agus
(c)
sáraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse 2026 go 2030, cé gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(i)
tá na solúbthachtaí ídithe aige de bhun Airteagal 5(2) agus (3);
(ii)
tá an úsáid is mó is féidir bainte aige as glan-aistrithe de réir Airteagal 7 fiú más lú an chainníocht sin ná an leibhéal a leagtar síos in Iarscríbhinn III; agus
(iii)
níl aon ghlan-aistriú déanta aige chuig Ballstáit eile faoi Airteagal 5.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Aon Bhallstát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, tabharfar dó, as an gcúlchiste sábháilteachta, cainníocht bhreise is ionann agus a ghannchion, lena húsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9. Ní rachaidh an chainníocht sin os cionn 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020. Más rud é go sáraíonn an chainníocht charnach sin a bheidh le fáil ag na Ballstáit go léir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo an teorainn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar an chainníocht a bheidh le fáil ag gach ceann de na Ballstáit sin a laghdú ar bhonn pro rata.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Aon mhéid a bheidh fanta sa chúlchiste sábháilteachta tar éis an dáilte sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfar é a dháileadh i measc na mBallstát dá dtagraítear san fhomhír sin i gcomhréir le heasnamh gach Ballstáit ach gan dul thairis. I gcás gach Ballstáit acu sin, féadfaidh an chainníocht sin a bheith sa bhreis ar an gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Tar éis dó an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a dhéanamh don bhliain 2020, foilseoidh an Coimisiún, i gcás gach Ballstát a chomhlíonann na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 den Airteagal seo, na méideanna dar luach 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020 dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|