+Airteagal 7 Ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
---+Airteagal 7 9.
---+Airteagal 7 10.
|
Airteagal 7 Ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Beidh loingsithe a bhfuil fógra ag teastáil ina leith faoi réir an cheanglais ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach a fháil, lena gcumhdaítear gach ceann díobh seo a leanas:
(a)
costais iompair dramhaíola;
(b)
costais aisghabhála nó costais diúscartha, lena n-áirítear aon chóras eatramhach is gá;
(c)
costais stórála ar feadh 90 lá.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Cumhdófar na costais a thagann chun cinn i gcomhthéacs na gcásanna seo a leanas leis an ráthaíocht airgeadais nó leis an árachas coibhéiseach:
(a)
i gcás nach féidir loingsiú, nó an aisghabháil nó an diúscairt, a chur i gcrích mar a beartaíodh, dá dtagraítear in Airteagal 22;
(b)
i gcás ina bhfuil loingsiú, nó an aisghabháil nó an diúscairt, neamhdhleathach, dá dtagraítear in Airteagal 25.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Bunóidh an fógróir nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile thar ceann an fhógróra an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach agus beidh éifeacht léi nó leis tráth an fhógra nó, má cheadaíonn an t-údarás inniúil a fhormheasann an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach amhlaidh, ar a dhéanaí tráth a chomhlánaítear an doiciméad gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 16(2). Beidh feidhm ag an ráthaíocht airgeadais nó ag an árachas coibhéiseach maidir leis an loingsiú ar a dhéanaí ón tráth a thosófar an loingsiú.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil seolta an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach a fhormheas, lena n-áirítear foirm, foclaíocht agus méid an chumhdaigh.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Beidh an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach bailí don loingsiú agus do chur i gcrích na haisghabhála nó na diúscartha agus cumhdófar iad léi nó leis. Scaoilfear an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach nuair a gheobhaidh an t-údarás inniúil a d’fhormheas í nó é an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 16(6) nó, i gcás inarb iomchuí, an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 15(5) a mhéid a bhaineann le haisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach.
|
|
Airteagal 7 6.
|
De mhaolú ar mhír 5, i gcás ina bhfuil an dramhaíl atá beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach agus ina ndéantar aisghabháil nó diúscairt ina dhiaidh sin sa tír cinn scríbe, féadfaidh na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe a chomhaontú go scaoilfear an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach tar éis don údarás inniúil lena mbaineann an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 15(4) a fháil. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás inniúil a chinneann an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach a scaoileadh a chinneadh a chur in iúl láithreach do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, agus cumhdófar aon loingsiú ina dhiaidh sin chuig saoráid aisghabhála nó diúscartha le ráthaíocht airgeadais nua nó le hárachas coibhéiseach mura deimhin leis an údarás inniúil cinn scríbe nach bhfuil gá leis an ráthaíocht airgeadais nó leis an árachas coibhéiseach sin. Sna himthosca sin, beidh an t-údarás inniúil cinn scríbe freagrach as oibleagáidí a thagann chun cinn i dtaca le cás glacadh ar ais i gcás nach féidir an loingsiú nó an aisghabháil nó an diúscairt ina dhiaidh sin a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, dá dtagraítear in Airteagal 22, nó i gcás loingsiú neamhdhleathach, dá dtagraítear in Airteagal 25.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Beidh rochtain ag an údarás inniúil laistigh den Aontas a d’fhormheas an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach ar an ráthaíocht sin nó ar an árachas sin agus bainfidh sé leas as an gcistiú, lena n-áirítear chun íocaíochtaí a dhéanamh leis na húdaráis eile lena mbaineann, chun na hoibleagáidí a thagann chun cinn faoi Airteagail 24 agus 26 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 7 8.
|
I gcás fógra ginearálta de bhun Airteagal 13, féadfar ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach lena gcumhdaítear codanna den fhógra ginearálta a bhunú, seachas ceann lena gcumhdaítear an fógra ginearálta iomlán. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag an ráthaíocht airgeadais nó ag an árachas coibhéiseach maidir leis na codanna den loingsiú faoina dtugtar fógra agus a chumhdaítear léi ar a dhéanaí tráth a chomhlánaítear an doiciméad gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 16(2).
|
|
Airteagal 7 9.
|
Scaoilfear an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo nuair a fhaigheann an t-údarás inniúil a d’fhormheas é an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 16(6) nó, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 15(5), a mhéid a bhaineann le haisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach le haghaidh na dramhaíola. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 6 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 7 10.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé modh ríofa simplí, rioscabhunaithe agus comhchuibhithe a bhunú chun méid na ráthaíochtaí airgeadais nó na n-árachas coibhéiseach a chinneadh agus, más iomchuí, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun modh ríofa simplí, rioscabhunaithe agus comhchuibhithe den sórt sin a bhunú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2). Agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh, inter alia, rialacha ábhartha na mBallstát maidir leis an ráthaíocht airgeadais nó leis an árachas coibhéiseach dá dtagraítear san Airteagal seo a ríomh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|