+Airteagal 13 Fógra ginearálta
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 Fógra ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Féadfaidh an fógróir fógra ginearálta lena gcumhdaítear roinnt loingsithe éagsúla a chur isteach i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a) 

tá na hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha céanna go bunúsach ag an dramhaíl atá sna loingsithe éagsúla, mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 5(10);

(b) 

seoltar an dramhaíl atá sna loingsithe éagsúla chuig an gcoinsíní céanna agus chuig an tsaoráid chéanna;

(c) 

i gcás inarb ionann na tíortha idirthurais, más ann dóibh, léirítear ródú na loingsithe éagsúla sa doiciméad fógartha nó cuirtear i gceangal leis é agus is ionann an suíomh óna dtosaíonn an loingsiú.

Airteagal 13 2.
Féadfaidh an fógróir ceann amháin nó níos mó de ródúcháin mhalartacha féideartha a léiriú in iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad fógartha. Soláthrófar sa doiciméad gluaiseachta arna chomhlánú i gcomhréir le hAirteagal 16(2) faisnéis maidir leis an ródúchán a shonraítear sa doiciméad fógartha atá le leanúint, agus maidir le haon ródúcháin mhalartacha a bheidh le leanúint i gcás imthosca atá gan choinne agus a shonrófar sa doiciméad fógartha.
Airteagal 13 3.
Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a gcomhaontú maidir le húsáid fógra ghinearálta a chur faoi réir faisnéis agus doiciméadacht bhreise a sholáthar ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) go (6).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas